ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Sch: (In Scotl.) To cap a candidate, céim a bhronnadh ar iarrthóir.
Committee stage of a bill, céim choistíochta bille.
To compare an adjective, céimeanna comparáide aidiachta a thabhairt.
Gram: Degrees of comparison, céimeanna comparáide.
Ch: Degree of concentration, céim tiúchana.
F: He is a cut above them, tá sé céim os a gcionn.
Gram: Degree of comparison, céim comparáide.
Degree of humidity, céim taise.
Angle of 30 degrees, uillinn tríocha céim.
Twenty degrees west of Greenwich, fiche céim laistiar de Greenwich.
To take a degree, céim a fháil.
He descended to their level, chuir sé é féin ar aon chéim leo.
It is beneath your dignity to accept it, ba chéim síos duit glacadh leis.
Ten degrees of frost, deich gcéim seaca.
At a funeral pace, ar chéim sochraide.
Promotion goes by seniority, de réir aoise a thugtar ardú céime.
To go back two paces, dul dhá chéim ar gcúl.
He walks with a halt, tá céim bhacaíola ann.
Honorary degree, céim oinigh.
Academic honours, céimeanna léinn.
Sch: Honours degree, céim onórach.
The social ladder, céimeanna fpl na huaisleachta.
To get a lift up in the world, céim f suas sa saol a fháil.
In longitude 200, fiche céim ar domhanfhad.
Mind the step, fainic thú féin ar an gcéim.
To join the mob, dul ar aon chéim leis an scroblach.
He makes nothing of walking twenty miles, ní dada aige, ní haon chéim leis, fiche míle a shiúl.
To be on a par with s.o. bheith ar aon chéim le duine.
To go pari passu with, dul céim ar chéim le, bonn ar aon le.
In a high position, ard i gcéim.
To rise from the ranks, céim oifigigh a ghnóthú ó bheith i do shaighdiúir singil.
Substantive rank, céim shubstainteach.
Windows reached by a flight of three steps, fuinneoga a bhfuil trí chéim ag dul suas go dtí iad.
F: The social scale, céimeanna fpl na n-aicmí.
Ecc: To don the scarlet, céim cairdinéil a ghabháil.
To walk sedately, siúl de chéim staidéartha.
Senior to me in rank, ar chéim os mo chionn.
Angle of slope, céim fhána.
The stages of an evolution, céimeanna éabhlóide.
W.Tel: Stage (of amplification), céim (aimplithe).
To rise by successive stages, éirí diaidh ar ndiaidh, céim ar chéim.
The thermometer stood at 90°, bhí nócha céim teasa ann.
The standard of wages is high, tá an tuarastal ar chéim ard ann.
To aim at a high standard, céim ard a chur romhat.
One's station in life, do chéim sa saol.
He married below his station, phós sé bean ab isle céim ná é féin.
Mth: Steepness of curve, céim chlaonta lúibe.
Step by step, céim ar chéim.
That is a great step forward, sin céim mhaith ar aghaidh.