ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
It would be a great accommodation to me, ba mhór an deis, an áis, dom é.
I was struck with admiration for it, b'éigean dom meas a bheith agam air.
I gained little advantage from it, is beag a chuaigh sé ar sochar dom.
He gave me good, bad, advice, thug sé comhairle mo leasa, m'aimhleasa, dom.
What do you advise me to do? cad é a mholfá dom a dhéanamh?
I was very much affected by it, chuir sé as dom go mór.
I cannot afford to be idle, ní ligfeadh an saol dom a bheith díomhaoin.
I can afford to wait, ní miste dom fanacht.
I found him greatly aged, chonacthas dom go raibh an aois tite go mór air.
I all but fell, dóbair dom titim.
That will answer my purpose, déanfaidh sin scoth gnóthaí dom.
It appears to me that..., feictear dom go . . .
They are at me again, tá siad ag gabháil dom arís.
It is of little avail to me, is beag an éadáil dom é.
I am fully aware of the danger, is maith is eol dom an chontúirt atá ann.
As far as I am aware, go bhfios dom.
He badgered me into giving it to him, bhí sé ag gabháil dom gur thug mé dó é.
He just said a bare 'Thank you' to me, ar éigean a thug sé buíochas dom.
I cannot bear to see it, ní ligfeadh mo chroí dom amharc air.
You ought to have told me beforehand, ba chóir duit a insint dom roimh ré.
I feel it in my bones, tá sé á aibhsiú dom.
F: That just suits my book, sin go díreach an rud a oireann dom.
It is the very breath of life to me, is ionann is beatha dom é.
I don't care either way, is é an cás céanna domsa é.
I am not clear as to why . . ., ní léir dom cad chuige . . .
When I saw him at close quarters, nuair a chonaic mé i ngar dom é.
I am cognizant of that, is feasach, eol, dom é sin.
A man is known by his company, inis dom do chomhluadar agus inseoidh mé duit cé thú féin.
I was compelled to do it, b'éigean dom é a dhéanamh.
That does not concern me, ní bhaineann an scéal sin liomsa, domsa.
I am concerned for his health, tá a shláinte ag déanamh imní, buartha, dom.
He confided to me that . . ., d'inis sé faoi rún dom go ...
In another connection, ag trácht (dom, etc.) ar mhalairt scéil.
Pred: I consider him (to be) crazy, tuigtear dom go bhfuil sé éadrom sa cheann.
I learnt it to my cost, fuaireas amach ar an drochuair dom féin é.
I was delayed, bhain moill dom.
I deny myself, diúltaím dom féin.
I designate s.o. as, for, my successor, ainmním duine mar chomharba dom féin.
I see no difficulty about it, ní léir dom aon deacracht sa scéal.
He is well disposed, ill disposed, to me, tá dea-chroí, droch-chroí, aige dom.
That will do me, déanfaidh sin mo ghnósa, is leor sin domsa.
P: He has a down on me, tá bior sa tine aige dom.
I had a dream, rinneadh taibhreamh dom.
I dream empty dreams, déantar aislingí bréagacha dom.
Make my coat an easy fit, déan mo chóta breá fairsing dom.
I can never look him in the face again, ní ligfidh an náire dom féachaint idir an dá shúil air go deo arís.
That suits my fancy, sin mar a oireann dom.
As far as I know, go bhfios dom.
It is fated that I should remain here, tá sé i ndán dom, de chrann orm, fanacht anseo.
Will you do me a favour? an ndéanfá gar dom?