SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
cuntas giorraithe agus gan tugtha ach na príomhphointí
na gáis atá san atmaisféar thart orainn agus a thugann anáil dúinn; anáil bheag ghaoithe; spéir; aeráid
duine atá tugtha don aighneas
druga a thugtar do dhuine chun a mhothú a bhaint de go sealadach
duine, dochtúir de ghnáth, a thugann ainéistéiseach do dhuine
an focal aithne a thugtar ar dhuine nó ar rud nó ar áit; cáil, clú; ainmfhocal
cúram (aire a thabhairt do rud); aird (tabhair do d'aire)
duine a thugann aire d'áit nó do rud
athbhunú (aiseag sláinte); tabhairt ar ais (aiseag iasachta); cur amach, urlacan
tugtha do bheith ag taisteal nó ag imeacht ó áit go háit
gléas a thugann rabhadh (aláram tine, clog aláraim)
earra a thugtar isteach thar tír
féilire, i bhfoirm leabhair de ghnáth, a thugann eolas faoin aimsir agus faoi nithe a tharlaíonn le linn na bliana
ionsaí (amas ar namhaid); oscailt nó caoi ionsaithe (dá bhfaighinn amas air); aimsiú ar mharc (tóg amas air); iarracht (thug siad amas ar na hairm); tuairim, barúil
breathnú (ag amharc uait); radharc (amharc na súl); féachaint (thug sé amharc géar orm)
an t-aer a thógtar isteach sna scamhóga agus a bhrúitear amach arís; aer (tabhair m'anáil dom); tionchar (faoi anáil an Bhéarla)
duine a thugann aire do thréad ainmhithe
an méid blianta atá tugtha ar an saol ag duine nó rud (cén aois é?); fad saoil; seanaois (ag dul in aois); tréimhse, ré (ó aois go haois); céad bliain (an fichiú haois)
tabhairt ar ais as an nua; athchóiriú; a dhéanamh óg arís
árthach a thugann daoine nó earraí thar uisce agus a thiomáintear le maidí rámha nó le seol nó le hinneall
bád a thugann daoine go rialta anonn is anall thar abhainn nó loch nó idir dhá phort mara
na héadaí agus na rudaí eile a thugann duine leis ar aistear
cosúil le bagairt; tugtha do bhagairtí
rath (bail ó Dhia ar an obair); cóir cheart (chuir sí bail ar a gruaig); an chaoi a bhfuil rud nó duine (cén bhail atá ort?); cóir, úsáid (an bhail a thug sé ar a leabhar)
cosúil le bainne; maith ag tabhairt bainne
fanacht mar a bhfuil, socrú síos (cá bhfuil tú ag baint fút?); ciúnú, ceansú (thug mé iarraidh baint faoi); tochailt faoi (tá an abhainn ag baint faoin mbruach)
searmanas ina ndéantar Críostaí de dhuine (le huisce) agus a dtugtar ainm air; ainm a thabhairt ar dhuine nó ar rud, baisteadh
sú cumhra olúil as crainn áirithe a thugann faoiseamh ar phian
bean a thugann aire do na daoine tinne
tugtha do bheith ag ceartú daoine
ceartú, tabhairt chun cruinnis; ceartú thar mar is gá (ná bí i gcónaí ag beachtú orm)
an fios a thugann an teanga agus uachtar an bhéil faoi rud a bheith milis nó searbh nó maith le hithe nó le hól; tuin gutha, an tslí a labhraíonn duine (blas cainte); faic, dada
an méid bainne a thugann ainmhí d'aon bhleán
tugtha don ghadaíocht; (le hainmhí) tugtha don treaspás, bithiúnta
iasc mór a thugann caibheár dúinn
tugtha do bhréaga; nach bhfuil fíor
tabhairt nó teacht ar an saol (rugadh leanbh di; lá breithe) tabhairt mar thoradh (ubh a bhreith); iompar chun siúil (beir leat é sin); greim a fháil ar, teacht suas le (beir greim air, ní bhéarfaidh sé anois orainn); buachan (rug sé an chraobh leis); dul (beir leat abhaile); druidim le (ag breith suas ar a trí)
duine i gceannas i gcúirt dlí a éisteann an cás agus a thugann an bhreith
tabhairt in aisce nó mar dhuais nó mar ghradam
lí bhuí, galar a thugann dath buí ar an gcraiceann agus ar ghealacán na súl
i bhfeighil, ag tabhairt aire do
tugtha do chaitheamh airgid, rabairneach, vástúil
duine a thugann réamhaisnéis faoin aimsir
teistiméireacht, cáil; meon, slí; tréith nó scil nó oilteacht a thabharfadh teideal poist do dhuine
rud nó focail a deirtear; labhairt; guth (d'aithin mé a chaint); abairt, rá (tá cainteanna deasa aige); comhrá (dul chun cainte le duine); aitheasc; óráid (cé a thug an chaint aréir?); ráiteas (is é do chaint féin é); ráfla, iomrá (níl ann ach caint; caint san aer)
léarscáil farraige mar aon le cóstaí, taoidí, doimhneacha agus tanaíocha, agus baill chontúirteacha eile; cáipéis scríofa oifigiúil ina dtugtar cearta agus pribhléidí, go háirithe ceann a thagann ó cheann stáit nó ó rialtas (cairt baile, cairt cathrach)
tugtha do bheith ag caitheamh, don chaiteachas