SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
cáineadh ar dhuine as rud éigin a rinne sé nó a dúirt sé
a rá amach go hoscailte; bheith sásta a rá gur mar sin atá; nóta á rá go bhfuair tú nó gur íoc tú as rud éigin; faoistin a dhéanamh i gcoir
focal molta do Dhia ach a deirtear uaireanta le hionadh nó le díomá
insint arís mar a tharla (eachtra a aithris); a rá de ghlanmheabhair (dán a aithris); déanamh mar a dhéanann duine eile (dá ndéanfá aithris ar d'athair); labhairt, siúl, etc. cosúil le duine eile le greann (maith ag aithris)
ach amháin (amach ó bheannú dúinn ní raibh mórán le rá aige)
in áit nó i suíomh áirithe (ar neamh, ar scoil, ar do ghlúine, ar tosach nó ar deireadh); i staid áirithe (ar meisce, ar crith, ar sodar, ar do shuaimhneas, ar thoil Dé); faoi théarmaí áirithe (ar iasacht, ar cíos, ar phunt an ceann, ar mhaithe leat féin); i gcosúlacht (ar dhéanamh báid, ar dhath an óir); de réir (duine ar dhuine, céim ar chéim); agus ar mhórán slite eile (doras ar sheomra, faobhar ar scian, ceanúil ar pháistí, tá an t-ádh orainn, bhí fiacha troma air, ná bíodh eagla ort, etc.); ag tagairt d'aicsean i leith (seasamh, siúl, satailt, ar; ardú, doirteadh, aimsiú, ar; roinnt ar; ceilt, cosaint, ar; mhill siad an lá orainn; ná cuir as an solas orm); feidhmiú na gcéadfaí nó na hintinne (féachaint ar; smaoineamh ar; labhairt ar, glaoch ar; achainí ar)
a dúirt ('tá', ar seisean)
a dúirt ('tá', arsa Seán)
arís, den dara huair (athdhéanamh); sean-, caite, iar- (athbhall); arís eile (ráite agus athráite)
aithris chruinn ar rud éigin a dúirt nó a scríobh duine
crann mór; duine mór le rá
deas le hithe nó le hól; ráite go deas (caint bhlasta); ag obair go deas (tá an speal ag baint go blasta)
diúlach; gaige, duine mór le rá (boc mór)
go deo, go deireadh an tsaoil
ráiteas éithigh (bréag a dhéanamh, bréag a rá; bréag a chur ar dhuine); rud falsa (ainm bréige, moladh bréige, dia bréige)
a rá le duine nach fíor a ndúirt sé; a chruthú nach fíor rud
an pháirt is ísle de rud (ó bhun go barr); stumpa (bun coinnle); deireadh (bun cúrsa); foinse (bun scéil); aird (bun na gaoithe); lorg (bun ruda a chur); caipiteal nó suim le a bheith ag cur leis (bun agus biseach airgid)
cén rud, céard (cad é sin? cad deir sé? cad is ainm duit?)
rud nó focail a deirtear; labhairt; guth (d'aithin mé a chaint); abairt, rá (tá cainteanna deasa aige); comhrá (dul chun cainte le duine); aitheasc; óráid (cé a thug an chaint aréir?); ráiteas (is é do chaint féin é); ráfla, iomrá (níl ann ach caint; caint san aer)
amhrán a rá; labhairt (fear nár chan bréag)
deireadh a chur le; folú, goid; cur ar ceal
an chuid den chorp taobh thuas den mhuineál; meabhair, éirim aigne (fear a bhfuil an-cheann air); ceannaire, taoiseach (ceann teaghlaigh, ceann treora); barr (ceann tairne; ceann staighre, leapa); tús, tosach (ceann báid; chun cinn); deireadh (ceann téide); aonad (ceann amháin, dhá cheann)
ag deireadh (i gceann seachtaine); i bhfeighil, ag freastal ar (i gceann a ghnóthaí, dul i gceann oibre); le chéile (rudaí a chur i gceann a chéile)
cantain; comóradh le searmanas (Aifreann, pósadh, an Nollaig, a cheiliúradh); dul ar ceal, teip (tá an tsláinte ag ceiliúradh orm); tréigean (dath ag ceiliúradh); slán a rá (imeacht gan chead gan cheiliúradh)
go brách, go deo, i gcónaí, go deireadh an tsaoil
oifigeach a scrúdaíonn ábhar clóite nó scannáin agus é de chumhacht aige a rá an bhfuil siad oiriúnach le scaoileadh i measc an phobail
ceart, cothrom (breithiúnas cóir; ba chóir duit é a rá leis); díreach, ionraic, macánta (a dhuine chóir, a bhean chóir)
deireadh a chur le pósadh de réir dlí
(crích in abairtí áirithe) teorainn (críocha na tíre, na feirme); réigiún, limistéar (críoch Laighean); deireadh; críochnú (críoch an scéil); slacht (cuir críoch éigin ort féin; duine gan chrích); socrú saoil (tá iníon eile le cur i gcrích aige)
críoch nó deireadh a chur le rud, tabhairt chun críche
éan a deir cú-cú agus a bheireann ubh i nead éin eile
an taobh thiar de rud (cúl do chinn, cúl an tí); droim (cúl a thabhairt do rud; thug sé cúl lena mhuintir); deireadh (cúl an ghluaisteáin; an féar cúil); siar, taobh thiar (dul ar gcúl; clog a chur ar gcúl; marcaíocht ar cúla); taca, taisce (cúl airgid; cúl taca; an dream atá ar a chúl); iargúltacht (coillte cúil); folt gruaige; (le cluichí) (i) cosantóir (ii) báire
neart nó fuinneamh (cumhacht leictreachais, cumhacht adamhach); údarás, ceannas (an té a bhí i gcumhacht); ábaltacht ar rud a dhéanamh; tír láidir nó mór le rá (na cumhachtaí móra)
anáil, puth; beatha, anam (dé ghaoithe; tá sé i ndeireadh na déithe)
cumadh, cumadóireacht; ordú nó aithne; rud a rá nó a léamh amach do dhuine eile le scríobh
rá foirmiúil; deimhniú, cruthú; gealltanas; tabhairt fianaise; móidiú
deich nduine; deich gcloch den phaidrín nó na paidreacha a deirtear orthu
críoch (tá deireadh leis an scéal); an chuid dheireanach; an chuid is faide siar (deireadh báid, deireadh cairte); clabhsúr (tá deireadh déanta, ite); tóin duine nó ainmhí
i ndeireadh báire, faoi dheoidh
go deireadh an tsaoil, go brách; ar fad (an-fhuar go deo)
scrios, ár; deireadh a chur le
triomú suas, draenáil; ídiú; díothú, deireadh a chur le
tuisceanach; cúramach gan aon ní a rá a tharraingeodh trioblóid; rúnmhar
gan glacadh le rud (ná diúltaigh é); a rá nach mbeidh baint ná páirt agat le rud nó duine; droim láimhe a thabhairt le rud (diúltú don diabhal); lagú (tá an ghrian ag diúltú); seachaint, druidim siar (tá siad ag diúltú romhainn)
an ealaín nó an chumhacht a deirtear a thugann torthaí iontacha le cabhair ó fhórsaí an nádúir nó ó neacha neamhshaolta; aon tionchar gan mhíniú as a dtagann torthaí iontacha; aoibhneas, taitneamh (ceol a chuirfeadh draíocht ort); geasa (cibé draíocht a d'imir sí air)