Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: broom · groom · riom · roam · rood
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for room »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
room1, s. 1 a Slí f, áit f, fairsingeacht f. There is plenty of room, tá neart fairsingeachta ann. It is taking up a great deal of room, tá sé ag cúngú na háite. There is still room, tá slí go leor fós ann. To be cramped for room, bheith i gcúngracht. To make room for s.o., áit a dhéanamh do dhuine. b In s.o.'s room, in the room of s.o., in ionad, in áit, duine. 2 There is room for uneasiness, tá ábhar, cúis, imní ann. There is no room for dispute, níl aon chúis easaontais ann. That leaves no room for doubt, níl amhras ar bith ann mar sin. There is (much) room for improvement, d'fhéadfadh sé bheith (cuid mhaith) níos fearr. 3 a A room, seomra m. (Reception) rooms, seomraí fáiltithe. b (Set of) rooms, sraith f seomraí. To live in rooms, cónaí i seomraí. 4 a Ind: Seomra m, teach m. S.a. BOILER-ROOM, ENGINE-ROOM. b Nau: Store-room, seomra m stóir.
room2, v.i. a Cónaím i seomraí. b Tá seomraí i bpáirt agam(with s.o., le duine).
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The rooms above, na seomraí thuas.
Door that gives access to a room, doras isteach chun seomra.
The adjoining room, an seomra teorantach, lena thaobh.
To air a room, aer úr a ligean isteach i seomra.
The room has a northern aspect, tá aghaidh an tseomra ó thuaidh.
Back room, cúlseomra m.
Room barely furnished, (i) seomra gann faoi throscán; (ii) seomra drochthroscáin.
Barrack-room language, caint gharbh.
He was into the room like a flash, seo isteach sa seomra é ar luas lasrach.
The rooms below, na seomraí thíos.
To board a room, urlár cláir a chur i seomra.
He bolted out of the room, sciurd sé amach as an seomra, amach leis as an seomra de sciotán.
To brush out a room, seomra a scuabadh amach.
He burst into the room, tháinig sé isteach sa seomra de sciotán.
There is not room in it to swing a cat, níl slí dhá chat chun rince ann.
The room smells close, tá an seomra plúchta.
To clutter up a room, seomra a rólíonadh.
To come out of a place, of a room, teacht amach, as áit, as seomra.
Come up to my room, tar aníos sa seomra chugam.
Commercial room, seomra m taistealaithe.
Rooms that communicate with one another, seomraí a bhfuil bealach eatarthu.
Conversion of a room to office use, oiriúnú m seomra d'obair oifige.
To convert a room to office use, seomra a chur in oiriúint d'obair oifige.
To be cramped for room, a bheith i gcúngracht.
He crept into the room, théaltaigh sé isteach sa seomra go fáilí.
Room crowded with furniture, seomra a bheadh pulctha le troscán.
The room was in complete darkness, bhí sé chomh dubh le pic sa seomra istigh.
This room will do for the office, déanfaidh an seomra seo an gnó mar oifig.
There is no room for doubt, níl aon amhras sa scéal.
To edge one's way into a room, to edge in, caolú isteach (sa seomra).
It gives the room a spacious effect, cuireann sé dealramh na fairsingeachta ar an seomra.
At the farther end of the room, ag an taobh thall den seomra.
The room feels damp, tá mothú na taise sa seomra.
Fitting room, seomra tástála.
To flit into the room, scinneadh isteach sa seomra go ciúin.
She flounced out of the room, phramsáil sí amach as an seomra, chuir sí cor inti féin agus amach léi as an seomra.
To force one's way into s.o.'s room, dul isteach i seomra duine dá ainneoin
To admit fresh air into a room, aer glan a ligean isteach i seomra.
The room was like a fiery furnace, níor theo leaca ifrinn ná an seomra.
Furnished room, seomra agus troscán ann.
At the further end of the room, ag an taobh thall den seomra.
Grill(-room), seomra gríosctha.
He guessed (at) the length of the room, thug sé tuairim d'fhad an tseomra.
To hang a room with tapestries, taipéisí a chur ar bhallaí seomra.
You haven't swept the room -- I have, níor scuab tú an seomra -- Scuab mé.
There is room there for him and her, tá slí ann dósan agus dise.
There is room there for him and you, tá slí ann dósan agus duitse.
How long is this room? cén fad atá sa seomra seo?
This room is icy cold, phréachfadh an seomra seo na feannóga.
Interconnected rooms, seomraí a bhfuil bealach eatarthu.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
F: To adjourn to a place, dul go dtí áit. We'll adjourn to the room, rachaimid chun an tseomra.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News