Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: airigh · áirigh · éidigh · éiligh · éimigh
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
CUARDACH DROIM AR AIS IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To become absorbed in sth., éirí gafach le rud.
I obtained access to him, d'éirigh liom dul chomh fada leis, chun cainte leis.
To get accustomed to sth., éirí cleachta, taithíoch, clóite, le rud; teacht isteach ar rud.
To acquire a taste for sth., éirí dúilmhear i rud.
He gained her affections, d'éirigh leis gur thug sí grá dó.
F: (Of solvency) If he can keep afloat..., má éiríonn leis a ghreim a choinneáil . . .
He gives himself, puts on, airs, bíonn éirí in airde ag cur as dó.
His plan did not answer, níor éirigh lena phlean.
To arise from the dead, éirí ó mhairbh.
Ascending road, bealach atá ag éirí.
He was successful at the first attempt, d'éirigh leis an chéad uair a d'fhéach sé leis.
To give up the attempt, éirí as an iarracht.
He stood up automatically, d'éirigh sé ina sheasamh gan smaoineamh air féin, gan fhios dó féin.
He did, came off, badly, ní go maith a d'éirigh leis.
He's doing badly, níl ag éirí go maith leis, níl ag éirí leis.
Things are going, turning out, badly, níl ag éirí go rómhaith leis na gnóthaí.
He is getting bald, tá sé ag lomadh, ag éirí maol.
He became ill, afraid, d'éirigh sé tinn, faiteach; bhuail tinneas, faitíos, é; tháinig tinneas, faitíos, air.
To get out of bed, éirí as an leaba.
He succeeded beyond his hopes, d'éirigh leis ní b'fhearr ná mar a bhí súil aige leis.
To grow big(ger), éirí mór, níos mó; dul i méad, méadú.
Billowing, (of sea) ag éirí ina tonnta, ag brúchtach; (of people), ag plódú.
Are fish biting? bhfuil éirí mhaith, aiste, ar an iasc?
v.i.It blistered, d'éirigh spuaiceanna, cloig, air; (of paint) tháinig cloig ann.
His blood ran cold, d'éirigh a chuid fola fuar.
She blossomed into a fine girl, d'éirigh sí ina cailín breá, rinne sí cailín breá.
He sat bolt upright, d'éirigh sé aniar chomh díreach le crann.
To brazen it out, éirí thuas air.
F: I have brought it off, d'éirigh liom.
v.i.To brisk up, éirí beo, beochan.
They had a burst up, d'éirigh achrann eatarthu.
To be out of business, bheith (éirithe) as tráchtáil.
Don't carry on like that! beir ar do stuaim! éirigh as do chuid ealaíne!
I didn't quite catch that, níor éirigh liom é sin a thuiscint i gceart.
He hasn't the ghost of a chance of succeeding, níl seans dá laghad aige éirí leis.
To cheer up, éirí meanmnach; misneach a ghlacadh.
He would believe the moon is made of green cheese, chreidfeadh sé gur éirigh tú ó mhairbh.
(Of aged pers.) To grow childish, éirí leanbaí, simplí; dul san aois leanbaí.
P: Chuck it! éirigh as! leag as!
Everything went like one o'clock, d'éirigh le gach uile shórt ar fheabhas.
How did the window come to be broken? céard a d'éirigh don fhuinneog le gur briseadh í?
To come off the gold standard, éirí as caighdeán an óir.
They came off badly, ní go maith a d'éirigh leo.
I am too deeply committed to draw back, tá mé chomh domhain anois ann agus nach bhféadfaidh mé éirí as.
I have every confidence that he will succeed, rachad i mbannaí go n-éireoidh leis.
He was confident of success, bhí sé siúráilte roimh ré go n-éireodh leis.
He contrived to do it, d'éirigh leis é a dhéanamh.
He did not succeed in conveying his meaning to them, níor éirigh leis é féin a chur i gcéill dóibh.
To cotton (on) to s.o., éirí ceanúil ar dhuine.
To break cover, éirí as an leaba dhearg.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht