ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He can turn everything to account, is féidir leis tairbhe a bhaint as gach aon rud; dhéanfadh sé fíon as uisce na gcos.
To be agreed (with s.o.) (on, about, sth.), bheith aontaithe, ar aon intinn le duine (faoi rud).
Nothing at all, rud ar bith, aon rud.
Prov: Talk of angels and you will hear the flutter of their wings, tagann gach aon rud lena iomrá (ach an madra rua agus an marbhánach).
He doesn't do anything, ní dhéanann sé rud ar bith, aon ní.
He has made all arrangements, tá gach aon rud socair aige.
Here everything betokens peace, tá cuma an tsuaimhnis ar gach aon rud anseo.
F: It is as broad as it is long, aon rud amháin sa deireadh é.
Nothing has been decided yet, níl aon socrú déanta fós, níor beartaíodh aon rud fós.
Are you doing anything to-morrow, an mbeidh aon rud ar siúl agat amárach?
Anything else, aon rud eile.
Nothing else, aon rud eile.
Ever so simple, chomh héasca le haon rud.
Everyday occurrence, (i) rud a tharlaíonn gach aon lá; (ii) gnáthrud m -a.
Everything in its place, gach aon rud ina áit féin.
It's all fair and square, tá gach aon rud go macánta.
It is all fixed up, tá gach aon rud socair.
Do not gloss over anything! ná déan leithcheal ar aon rud! ná tabhair faillí in aon rud.
Everything went off well, d'éirigh go maith le gach aon rud.
The only thing I ever had happen to me was ..., an t-aon rud a tharla riamh dom . . .
To be inexperienced in doing sth., gan aon taithí a bheith agat ar rud a dhéanamh.
Forged integral with sth., faghartha ina aon chuid amháin le rud.
I should like it of all things, níorbh fhearr liom aon rud ná é.
To lump things together, rudaí a chur in aon charnán amháin, a chur le chéile.
There is no mistaking the facts, níl aon amhras faoin gcuma a bhfuil rudaí.
Nothing else, rud ar bith eile, aon rud eile.
It is nothing less than madness, níl ann, ní haon rud eile é, ach corp díth céille.
To take no notice of sth., gan aon aird, aon toradh, a thabhairt ar rud.
I have no objection to his doing so, níl aon rud agam i gcoinne é á dhéanamh.
Oddly enough, nobody knows anything about it, an rud is aistí faoi, níl aon eolas ag aon duine faoi.
The one thing of all others that I want, an t-aon rud ar domhan ba mhaith liom agam.
I cannot speak positively, ní féidir liom aon rud cinnte a rá.
Provided for all eventualities, ullamh do gach aon rud.
Anything rather than . . ., aon rud ach . . .
Everything in reason, tá measarthacht i ngach aon rud.
To reduce everything to a single principle, aon phrionsabal amháin a dhéanamh de gach rud.
To accept sth. without reservation, glacadh le rud gan aon chuntar.
Things will come right, beidh gach aon rud mar is ceart fós.
To see to everything, súil a choinneáil ar gach aon rud.
Nothing short of hunger would compel him to do it, aon rud ach an t-ocras féin ní thabharfadh air a dhéanamh.
Things are going strong, tá gach aon rud ar sheol na braiche.
To make s.o. sure of sth., gan aon amhras a fhágáil ar dhuine faoi rud.
To dunk sth. at one swallow, rud a ól d'aon iarracht amháin.
One can't think of everything, ní féidir cuimhneamh ar gach aon rud.
F: One thing happens on top of another, tarlaíonn gach aon rud i mullach a chéile.
Undeserving of attention, (rud) nach dtuilleann, nach fiú, aon aird a thabhairt air.
To leave nothing undone which might help, gan faillí a dhéanamh in aon rud a rachadh chun sochair.
To be wary of sth., gan aon iontaoibh a bheith agat as rud; bheith amhrasach faoi rud.
Nothing is wasted, ní théann aon rud sa dul amú.
There are no trains on Sunday which I hadn't thought of, níl aon traein ar an Domhnach, rud nár chuimhníos air.