ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Remuneration adequate to the work performed, luach saothair ag cur leis an obair a rinneadh.
The loaded table groaned again, rinne an bord gliúrascnach le meáchan na mias.
He stood aghast at it, rinneadh staic de le faitíos, le hiontas; cuireadh an croí ar crith ann.
The matter allows of no delay, níl moill ar bith le déanamh sa ghnó seo, ní fheileann aon mhoill don ghnó seo.
I anticipated his wishes, rinne mé an rud ba mhian leis sular iarr sé orm é.
Do as you like, déan mar is áil leat (féin).
He will do it, I assure you! déanfaidh sé é, deirimse leat, geallaimse duit.
I will do it or perish in the attempt, déanfaidh mé é nó caillfidh mé m'anam leis.
Work awaiting performance, obair atá le déanamh.
What is to be done? céard tá le déanamh?
He acted for the best, le dea-rún a rinne sé é.
It couldn't be better, níl sárú le déanamh air, tá sé ar fheabhas an domhain.
He managed to blunder through, rinne sé é le hurchar an daill.
It's bound to happen, níl seachaint le déanamh air.
There is nothing for it but to go away, níl le déanamh ach imeacht.
What could I do but invite him? cad é a bhí le déanamh agam ach cuireadh a thabhairt dó?
He cannot choose but obey, níl a mhalairt le déanamh aige ach a bheith umhal.
Let us hear your complaints, déan do ghearán linn.
He entered into a composition with him over the matter, rinne sé conradh leis faoin gcúrsa.
I did it for conscience sake, rinne mé ar mhaithe le mo choinsias é.
To put work out to contract, obair a thabhairt le déanamh ar conradh.
Cotton up to s.o., déanamh mór le duine.
To make, pay, court to s.o., (i) déanamh suas le duine; (ii) a bheith ag suirí le bean.
F: She is leading him a dance, tá sí ag tabhairt a dhóthain le déanamh dó.
A good deal to do, roinnt mhaith le déanamh.
Whose deal is it? cé leis déanamh? cé leis an roinnt?
Com: I deal with s.o., déanaim trácht le, custaiméireacht le, déileálaim le duine.
Machine designed for a special purpose, inneall a rinneadh le haghaidh gnó áirithe.
Do as you desire, déan mar is áil leat féin.
They disposed of his fate, shocraigh siad céard a bhí le déanamh leis.
What is to be done? cad atá le déanamh?
He can do for himself, is féidir leis déanamh as dó féin.
This was meant as a draw, but he did not rise to it, d'fhonn é a bhaint amach a rinneadh é seo, ach ní bheadh aon roinnt aige leis.
I have something else to do, tá rud nach é le déanamh agam, tá rud ar m'aire.
I expect that John will do it, is dóigh liom go ndéanfaidh Seán é.
Do what you think expedient, déan cibé rud is dóigh leat a bheidh oiriúnach.
In point of fact, as a matter of fact, déanta na fírinne, leis an bhfírinne a dhéanamh.
I did it out of friendship, i bpáirt mhaitheasa, ar mhaithe leis, a rinne mé é.
They frightened him into doing it, rinne sé é le heagla rompu.
To glory in sth., bheith ag déanamh mórtais as rud, olláis le rud.
He obeyed without a grumble, rinne sé mar a dúradh leis gan oiread agus focal as.
F: I guarantee that he won't do it again, mise mar cheap leis, mise faoi dhuit, nach ndéanfaidh sé arís é.
Habituated to sth., déanta ar rud, cleachta le rud.
He hacked his chin (with the razor), rinne sé cusach dá smig (leis an rásúr).
It was made by the hand, le láimh a rinneadh é.
Hand-made article, ball a rinneadh le láimh.
It is a hopeless job, níl maith le déanamh dó; níl bail le cur air; tá sé ó mhaith.
Hurry through your lunch, déan deifir le do lón.
We intended no harm, ní le drochrún a rinne muid é.
He did it with the best (of) intentions, le dea-rún, dea-chroí, a rinne sé é.