SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
(le cneá) bheith ag déanamh ábhair
(déan é ach ná caith an lá leis); taobh amuigh de (ní raibh ann ach an triúr againn; níl ann ach go n-aithním é; ach amháin mé féin); ar acht go (tá sé blasta ach salann a chur air); chomh luath is (ach mise greim a fháil air); murach (ach grásta Dé)
ceann den dá rud chrua cosúil le cnámh a fhásann ar cheann ainmhithe áirithe (ar nós eallach, fianna etc.); cuach óil; gob (diallaite, ancaire, etc.); gléas ceoil gaoithe (a bhíodh déanta as adharc uair amháin, ach gur gléas miotail atá inniu ann); gléas rabhaidh (i bhfeithicil)
súgradh mar a dhéanfá le háilleagán
insint arís mar a tharla (eachtra a aithris); a rá de ghlanmheabhair (dán a aithris); déanamh mar a dhéanann duine eile (dá ndéanfá aithris ar d'athair); labhairt, siúl, etc. cosúil le duine eile le greann (maith ag aithris)
duine a dhéanann rud le taitneamh dó agus ní ar airgead, duine gan mórán cleachtaidh ar rud ach ar breá leis a bheith ag gabháil dó
cosúil le bean, mar a dhéanfadh bean; a bhaineann le mná
marc a chuirtear ar rud lena thaispeáint cé leis é nó cé a rinne é
álainn (bean bhreá; aimsir bhreá); an-sásúil (béile breá); déanta go maith (obair bhreá); ar staid mhaith (tá mé go breá anois); maith (d'éirigh go breá liom); aoibhinn (is breá an saol atá agaibh); maith mór (suim bhreá airgid); pléisiúrtha (duine breá le labhairt leis); taitneamhach (ba bhreá liom a bheith ann); (ag neartú le haidiacht eile)(breá mór, breá fairsing, breá bog anois!)(le híoróin)(rógaire breá; tá go breá agat!)
obair ghreanta déanta ar éadach le snáthaid
báúil le duine as fabhar éigin a rinne sé duit
meall bog aráin, síol rois etc., déanta le huisce fiuchta agus leata ar mhuislín le cur ar neascóid nó ar chneá
púdar déanta as pónairí an chrainn cacao; deoch a dhéantar leis an bpúdar seo (Úsáidtear an púdar freisin chun seacláid a dhéanamh)
faoi dhéin, le haghaidh (i gcomhair an lae amárach)
marc (comhartha cluaise, comhartha ceiste); nod a thugann rud le fios (rinne sé comhartha dom); tuar a léiríonn rud atá le teacht (comhartha fearthainne); rian, cosúlacht (comhartha scine; ní bhfuair sé ach comhartha); aird, ceann (ná tóg aon chomhartha de); fógra, méar eolais (comharthaí bóthair); rian aitheantais (comharthaí aithne, comharthaí sóirt)
buairt faoi chaill duine eile (rinne siad comhbhrón léi faoi bhás a hathar)
gabháil le héigean; cur isteach (ar dhuine); griogadh (ag déanamh concais orm a bhí sé)
roinnt nótaí ceoil a dhéanann fuaim cheolmhar ar iad a sheinm le chéile
barr na talún mar a bhfásann féar agus plandaí, ithir; cineál áirithe ithreach atá righin agus a chruann le bácáil, agus a dhéanann brící agus earraí cré
obair shnáthaide déanta ina lúba le biorán crúcach
an glór a dhéanann cat le sástacht; aon ghlór cosúil leis sin (crónán na mbeach, crónán na dtonn)
rud ar aon déanamh le + nó x; fráma mór adhmaid a gcrochtaí duine a bheadh daortha air fadó; siombail an chreidimh Chríostaí; angar, pionós (na crosa atá i ndán dúinn); cosc, bac (cros a chur in éadan ruda); dochar, millteanas (páistí ag déanamh cros)
miotal an-láidir a dhéantar as iarann agus beagáinín carbóin curtha leis
déanta, curtha le chéile go maith
lúb, casadh; líne ar aon déanamh le stua ciorcail
gasra daoine le chéile, comhluadar (i gcuideachta duine; is breá an chuideachta iad); greann, spórt, caitheamh aimsire (déanfaidh sé cuideachta dúinn); comhlacht gnó
réasún, fáth (cúis ghearáin, cúis gháire; tú féin is cúis leis); cás dlí (daoradh sa chúis é); gluaiseacht a bhfuil aidhm nó cuspóir speisialta leis (cúis na teanga); gnó (ní dhéanfaidh sin cúis)
déanamh (ó cumadh an saol; ceol, amhrán, a chumadh); cur le chéile, ceapadh (bréag, leithscéal, a chumadh; culaith éadaigh a chumadh)
a dhéanfadh dalladh; (le solas) géar, scéiniúil
cur i gcrích nó ar fáil (obair a dhéanamh); comhlíonadh (an carghas, do dhualgas, a dhéanamh); cleachtadh (léann nó eolas a dhéanamh); cur le chéile (rinne Dia an domhan, bád a dhéanamh); ullmhú, cóiriú (an dinnéar a dhéanamh); cruthú (déanfaidh sé lá maith fós); sroicheadh (talamh a dhéanamh, na ceithre scór a dhéanamh); tarraingt (achrann a dhéanamh); bheith páirteach i (comhrá, greann, a dhéanamh); tabhairt (seanmóir a dhéanamh); (le haidiacht) (rinne sé tuirseach mé); ceapadh (tá mé ag déanamh go bhfuil an ceart agat; déanaim amach go bhfuil); cruth (rud ar dhéanamh uibhe); bheith sásta le (caithfidh tú déanamh leis, as)
duine a bhearrann le deimheas; duine a dhéanann bearradh lena theanga
críoch (tá deireadh leis an scéal); an chuid dheireanach; an chuid is faide siar (deireadh báid, deireadh cairte); clabhsúr (tá deireadh déanta, ite); tóin duine nó ainmhí
aon ní a dhéanann rud amháin difriúil le rud eile, difríocht; an méid is mó uimhir amháin ná uimhir eile de; easaontas
déanamh draenach; uisce a thógáil chun siúil le draenacha (mar a dhéantar le talamh chun é a thriomú)
déanamh díchill i ndiaidh ruda; iomaíocht (ag dréim, i ndréim, le duine, faoi rud); súil (níl raibh dréim agam leis; ag dréim le hardú céime)
íonú a dhéanamh ar leacht trí ghal a dhéanamh ar dtús de le teas agus ansin an ghal a fhuarú chun leacht a dhéanamh ar ais di (is mar sin a dhéantar fuisce agus poitín); ligean do leacht titim ina bhraonta
gléas ceoil cruinn atá folamh istigh ann agus é déanta mar a bheadh fráma agus craiceann sínte teann air agus a bhuailtear le bataí; aon ní atá ar dhéanamh druma (druma coscáin; druma ola)
ceart nádúrtha; gnáth-tháille nó luach saothair (do dhualgas a íoc); aon rud atá le déanamh (do dhualgas do Dhia); diúite (saighdiúirí ar dualgas)
mír a thagraíonn d'ainmfhocal firinscneach agus a úsáidtear (in ionad sé) i ndiaidh na copaile nó sa chuspóireach (duine mar é; gan é sin; is é Seán é; déan é sin); (le haimsir, am, spás)(ach gan é a bheith ag báisteach)
fórsa, tábhacht; feidhm, maitheas; tairbhe, ábaltacht (duine nó rud a bhfuil éifeacht ann); éacht, barr feabhais (rinne sé éifeacht leis an léann)
(le miotal) faghairt a bheith déanta air; (le duine) teasaí, miotalach
a bhfuil fáscadh déanta air, brúite nó cúngaithe ar a chéile; dúnta go docht; (le duine) fuinte, dingthe; néata, gléasta go gleoite
a bhaineann le fáistine, a dhéanann tairngreacht; a bhaineann leis an bhfáistineach
milseán bog déanta le siúcra, bainne agus (uaireanta) seacláid agus cnónna
gléas beag ceoil a dhéanann glór cosúil le fead; pilibín (an t-éan, óna fhead)
ar nós, ar chuma, cosúil le (fearacht an fhir eile; fearacht mar a rinne sé cheana)
éadach trom déanta le holann nó le hábhar snáithíneach fionnaidh agus iad rollta nó brúite ar a chéile
mír a chiallaíonn go dtarlaíonn rud uaidh féin nó go ndéanann duine leis féin é (féinmharú, féinchosaint etc.)
ceann de na rudaí crua geala sa bhéal a dhéanann cogaint ar bhia; aon ní cosúil le fiacail (fiacla círe, fiacla sáibh); scéimh, ciumhais (fiacail aille)