SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
(déan é ach ná caith an lá leis); taobh amuigh de (ní raibh ann ach an triúr againn; níl ann ach go n-aithním é; ach amháin mé féin); ar acht go (tá sé blasta ach salann a chur air); chomh luath is (ach mise greim a fháil air); murach (ach grásta Dé)
gan aird a thabhairt ar (dá ainneoin sin is uile); in aghaidh tola, gan buíochas do (rinne sé de m'ainneoin é); cé go (ainneoin gur iarr mé air stad)
insint arís mar a tharla (eachtra a aithris); a rá de ghlanmheabhair (dán a aithris); déanamh mar a dhéanann duine eile (dá ndéanfá aithris ar d'athair); labhairt, siúl, etc. cosúil le duine eile le greann (maith ag aithris)
píosa searbh scríbhneoireachta a dhéanann ceap magaidh de dhuine nó de dhaoine
tar éis bailiú a bheith déanta air; bruite, dóite (de rud)
árthach cruinn domhain déanta de chláir adhmaid agus fonsaí timpeall orthu, nó de mhiotal; tiúb mhiotail gunna
an oscailt sa cheann trína nglactar isteach bia agus deoch agus trína ndéantar glórtha; oscailt nó bealach isteach (béal mála, béal uaimhe, béal gleanna); caolas farraige (béal Árann); imeall nó faobhar (béal cupa, béal scine); duine a dhéanfadh caint de shórt áirithe (is tú béal na céille)
píosa airgid déanta de mhiotal; píosa ornáideach miotail a bhronntar ar dhuine as éacht éigin
bruith déanta air; teasaí, suarach; bréan (de rud)
déanamh builc de rudaí; brú, suaitheadh (daoine)
bun, foinse (bunús an chreidimh); rachmas (duine a bhfuil bunús aige); an chuid is mó de (tá bunús na hoibre déanta)
léaráid de dhuine nó de rud a dhéanann ceap áiféise nó magaidh de
tréithe uile duine a dhéanann duine ar leith de; pearsa i ndráma nó i scéal; duine corr nó aisteach, duine ann féin ar fad
scannán gearr greannmhar bunaithe ar léaráidí; léaráid ghrinn in iris nó i nuachtán a dhéanann ceap magaidh de rud nó de dhuine éigin
ceann nó ceann eile de phéire (déanfaidh ceachtar acu cúis)
déanta de chealla nó de bholgáin bheaga
an chuid de chos an arbhair a fhanann sa talamh tar éis a bhainte; cos arbhair nó féir; feadán caol déanta as páipéar nó plaisteach trína ndiúltar deoch
rud atá déanta i gcosúlacht ruda eile, macasamhail (cóip de litir)
ceann de na hábhair a bhfuil rud déanta astu
páirt, roinnt (déan trí chuid de); cion duine amháin (sin é do chuid de; mo chuid éadaigh; iníon dá chuid); ábhar (tá cuid súl inti, ní cuid iontais é); bia, beatha (do chuid a chaitheamh; ag tuilleamh a choda)
= do3 + a4 (thug sé dá mhac é; rinne sí dá máthair é; gheall siad dá gclann é) de + a4 (duine dá chairde; bean dá gaolta; cuid dá dtailte)
= do3 , de + a5 (an chré dá ndearnadh sinn; gach pingin dá bhfuair sé; an té dá dtug mé gean)
a léiríonn scaradh etc. (bain di é; scoir sé den obair); greamú, leanúint etc. (ceangail den chrann é; ná lean den chaint sin); suíomh (taobh thall den abhainn); bunús (duine de na Gearaltaigh; earraí de dhéantús na hÉireann); ábhar, líon (déanta d'adhmad; lán de dhaoine); cineál (amadán de dhuine, a leithéid de lá); cuid (an chéad lá den mhí; duine díobh); modh, meán (éirí de léim, briseadh de thaisme é); méid, oiread (ní raibh sé de chiall aige fanacht); mar iarthagairt (maidir liomsa de; ní fearr liom rud de); cúis, fáth (dá bhrí sin, dá bharr sin); fad aimsire (de shíor, de ghnáth); de + a4 = dá4 ; de + an = den; de + ar = dar3 ; de + ár2 = dár1 ; de + ar3 = dár2
déanamh earra (de dhéantús iasachta; bróga den déantús céanna)
aon ní a dhéanann rud amháin difriúil le rud eile, difríocht; an méid is mó uimhir amháin ná uimhir eile de; easaontas
malartú ruda ar airgead; íoc, cúiteamh (díol cíosa; i ndíol a bhfuil déanta agat); airí, oidhe (díol trua nó déirce); dóthain, riar (díol beirte de bhia)
lámh agus í dúnta go dlúth (agus na méara fillte sa dearna); buille de dhorn; lán doirn; miosúr sé horlaí nó mar sin; lámh nó cos uirlise (dorn claímh)
íonú a dhéanamh ar leacht trí ghal a dhéanamh ar dtús de le teas agus ansin an ghal a fhuarú chun leacht a dhéanamh ar ais di (is mar sin a dhéantar fuisce agus poitín); ligean do leacht titim ina bhraonta
déanta as eabhar, de mhianach nó ar nós an eabhair
duine a dhéanann gnó (díol nó ceannach) thar ceann duine eile; ceann de dhá uimhir nó breis a mbíonn toradh áirithe orthu nuair a mhéadaítear faoina chéile iad (Is fachtóirí de 8 na huimhreacha 2 agus 4)
ceann de na rudaí crua geala sa bhéal a dhéanann cogaint ar bhia; aon ní cosúil le fiacail (fiacla círe, fiacla sáibh); scéimh, ciumhais (fiacail aille)
éan de chineál na fáinleoige (Déanann an gabhlán binne nead i mballa agus an gabhlán gainimh i mbruach gainimh. Gluaiseann an gabhlán gaoithe go han-tapa ar nós fáinleoige)
cloch bhog déanta de ghaineamh táite
cheal, in éagmais, in easnamh, de dhíth (gan airgead, gan chosaint, gan déanamh, gan an t-am agam, gan mo chead, gan focal as); i dtaobh le (gan agam ach iad); (leis an diúltach) (dúirt sé liom gan teacht)
de bharr (mar gheall ar an taisme); i dtaobh, toisc (cad mar gheall air? ná déan é mar gheall ormsa)
déanta de ghloine; ar nós gloine
an obair a bhíonn ar siúl ag duine de ghnáth (do ghnó a dhéanamh); feidhm, cás (gnó do dhochtúir é); obair thráchtála (gnó a chur ar bun); gá, riachtanas (tá gnó agam díot; níl gnó agam leis); cúis, cúram (déanamh do ghnó de rud a bheith agat); gnáthchúrsaí (gnóthaí an tsaoil); obair, déantús, cúram (gnóthaí Dé)
(leith in abairtí áirithe) cuid den iomlán atá cothrom leis an gcuid eile (déan dhá leath de, leath slí); cuid, roinn (déan trí leath de); taobh, cliathán; treo (an leath tosaigh)
cosúil le (mar an eala ar an linn); i gcáilíocht (lena fáil mar chéile); le haghaidh (mar thús ar an obair); de réir (gach dalta mar a oiltear); ar nós (lá mar seo); ar an dóigh (déan mar is ceart é); tuairim ar (míle nó mar sin); an chaoi (sin mar is fearr é); amhail is (mar a bheadh deifir air); toisc, ar an ábhar (mar go bhfuil cúis leis); san áit (mar a bhfuil siad)
cineál de shubh a dhéantar as oráistí nó seadóga nó torthaí citris eile agus iad bruite le siúcra
cineál de chloch aoil chrua a thógann snas agus a úsáidtear le foirgnimh áirithe a mhaisiú (Déantar dealbha agus ornáidí áille as freisin)
ceann de na mionghrúpaí adamh as a bhfuil substaint ar bith déanta; an mhír ranna is lú i substaint a bhfuil nádúr na substainte fágtha inti
poll i bpíosa amháin de fhráma agus é déanta chun breith ar cheann píosa eile agus é a fháscadh ann
an saol máguaird seachas mar atá déanta ag an duine (ar nós plandaí, ainmhithe, aibhneacha, cnoic etc.); buntréithe duine (an nádúr daonna) nó ruda (tá nádúr gainimh sa talamh sin); bá, cineáltas (lán de nádúr); an domhan saolta (dlíthe an nádúir; os cionn nádúir)
ceann de na míreanna, gan aon lucht leictreachais, a dhéanann suas mar aon le prótóin croí an adaimh
athphlandáil; péacán de phlanda amháin a ghreamú ar phlanda eile ionas go ndéanann planda amháin díobh agus go bhfásann sé ann; craiceann ó áit amháin den chorp a chur ar bhall eile atá loite
ábhar tanaí a úsáidtear chun scríbhneoireachta nó beartáin a cheangal nó le cur ar bhallaí agus é de ghnáth déanta as laíon adhmaid, ceirteacha, tuí etc.; nuachtán; cáipéis, doiciméad; bille, nóta (páipéar puint)
pióg; meascán de phlúr, uisce agus saill, rollta amach agus bácáilte go ndéanann an teas crústa de ar phióga etc.
píosa rua airgid cothrom leis an gcéadú cuid de phunt; suim airgid (rinne tú pingin mhaith air)
cóimhiotal buí déanta de chopar agus sinc