ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is afraid to do it, ní ligfidh an eagla, an faitíos, dó a dhéanamh; tá eagla air é a dhéanamh.
Leave, let, him alone, (i) éist leis, lig dó; (ii) lig leis, tabhair an bealach dó.
To bring all one's strength to bear on a lever, iomlán do mheáchain a chur, a ligean, ar luamhán.
v.i.He blinked at her faults, lig sé air féin nár léir dó a lochtaí.
To let the horses blow, ligean do na capaill a n-anáil a tharraingt.
To play booty, ligean do dhuine buachan i dtús báire, chun é mhealladh faoi dheireadh.
He was let off with a caution, ligeadh leis, ach gur tugadh foláireamh dó.
To make a confidence to s.o., rún a ligean le duine, rud a insint do dhuine i modh rúin.
Let him cool down, lig dó fuarú san fhuil inar théigh sé.
We must let things develop, caithfimid ligean do chúrsaí teacht chun cinn.
Keep your eye on him! ná lig as do radharc é!
I can never look him in the face again, ní ligfidh an náire dom féachaint idir an dá shúil air go deo arís.
To let fall, (i) ligean do (phláta) titim; (ii) (an dallóg) a ísliú; (iii) (ingear) a tharraingt.
We must let her marry according to her fancy, caithfimid ligean di pósadh de réir a tola féin.
I won't have him ill-treated, ní ligfidh mé d'aon duine drochúsáid a thabhairt dó.
To give (fair) law to . . ., ligean a thabhairt do ...
To let fall, ligean do (rud) titim.
Don't wash your dirty linen in public, ná lig do náire le na comharsana.
You may do as you like so long as you leave me alone, féadfair do rogha rud a dhéanamh fad agus ligeann tú domsa, ach ligean domsa.
To rest, lie, on one's oars, do mhaidí a ligean le sruth.
To open one's mind to s.o., d'intinn a ligean le duine, a nochtadh do dhuine.
To pillow one's head on one's arms, do chloigeann a ligean anuas ar do sciatháin.
To give full play to one's imagination, lán scóid a ligean le do shamhlaíocht.
To be quit for a fine, do ligean saor ar fhíneáil.
P: To let out a reef, lúb a ligean le do chrios.
To give rein to one's anger, do racht a ligean amach.
To relieve one's feelings, do racht a ligean amach.
To affect reluctance, ligean ort féin gur in éadan do thola é.
F: To take the line of least resistance, do mhaidí a ligean le sruth.
To take a rest, do scíth a ligean.
To speak without restraint, scód a ligean le do theanga.
F: To allow one's knowledge to rust, do chuid eolais a ligean chun dearmaid.
F: I'll see him damned first, an diabhal má ligim do.
To let a jelly set, ligean do ghlóthach téachtadh, stalcadh.
To let sth. settle, ligean do rud síothlú.
To let things slide, do mhaidí a ligean le sruth.
To catch s.o.'s spirit, ligean do mhisneach duine dul i gcion ort.
To let one's thoughts stray, ligean do d'intinn imeacht le seachrán, le fán.
Suffer me to tell you the truth, lig dom an fhírinne a rá leat.
They suffered him to go, he was suffered to go, ligeadh dó imeacht; scaoileadh chun siúil é.
To take a nap, néal a ligean as do cheann.
To take s.o. into one's confidence, do rún a ligean le duine.
She would do anything rather than let him go, dhéanfadh sí rud ar bith ach ligean dó imeacht.
He thundered out an order to continue, lig sé búir as ag ordú dúinn leanúint ar aghaidh.
To tilt one's chair, do chathaoir a ligean siar ar a sáil.
To unbosom oneself to s.o., do rún a ligean le duine.
To unburden oneself, do rún a ligean le duine.
To unburden one's sorrows to s.o., do scéal bróin a ligean le duine.
F: To unchain one's passions, scód a ligean le do mhianta.
To unfold one's plans to s.o., do scéimeanna a ligean le duine.