Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: leataobh · laobh · taobh · leath · leota
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
taobh fir1 cliathán amháin de rud (taobh bosca, carraige; ó thaobh go taobh an tí); ciumhais, bruach (le taobh na habhann, ar thaobh an bhóthair); páirt, cuid (an taobh istigh, amuigh); cliathán, slios (mo thaobh deas, sínte ar mo thaobh); treo (an taobh theas, taobh na láimhe deise); ceantar (taobh tíre); foireann, dream, cúis (an taobh a chaill an báire); sliocht (lean sé taobh a athar); muinín, iontaoibh (ná tabhair taobh le mionnaí móra) taobh amuigh lasmuigh taobh istigh laistigh taobh le, i dtaobh le ag brath ar (i dtaobh leis an méid sin) i dtaobh mar gheall ar, maidir le (cad ina thaobh) le taobh le cois, i dteannta
TORTHAÍ GAOLMHARA SAN FHOCLÓIR BEAG
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
(déan é ach ná caith an lá leis); taobh amuigh de (ní raibh ann ach an triúr againn; níl ann ach go n-aithním é; ach amháin mé féin); ar acht go (tá sé blasta ach salann a chur air); chomh luath is (ach mise greim a fháil air); murach (ach grásta Dé)
in éineacht le, taobh le, cóngarach do
i do sheasamh cruinn díreach agus do lámha le do thaobh agat mar a bhíonn saighdiúir
le taobh, i gcomórtas le
amháin, i dtaobh le ceann amháin
glactha leis nó curtha i bhfeidhm ag aon taobh amháin (dí-armáil aontaobhach)
clós taobh le caisleán agus an balla timpeall air; balla daingean, rampar
cluiche a imrítear le cleathóg agus trí liathróid ar bhord a bhfuil éadach mín glas air agus pócaí ar a chúinní agus ar a dhá thaobh
taobh le taobh, gualainn le gualainn
ball troscáin a bhfuil clár leathan air agus cosa faoi, a úsáidtear le haghaidh béilí nó oibre nó imeartha; bia boird; taobh, imeall (bord na farraige); taobh báid nó loinge (teacht le bord, thar bord); clár loinge, deic (dul ar bord)
an 4ú cuid de rud; an chos taobh thuas den ghlúin, leis, láirig; véarsa de dhán nó d'amhrán; lóistín saighdiúirí
go, go dtí, i dtreo (dul chuig, chun, duine); maidir le, i dtaobh, i leith (go maith chuig Laidin, chun Laidine); le haghaidh (réidh chun bainte; cad chuige é sin?); oiriúnach i gcomhair (má bhíonn an lá chun féir); i mbun (cliste chun oibre); ar tí (bhí mé chun é a rá léi)
róbháúil le taobh amháin
taobh le (cois na habhann)
gleann atá ard ar a dhá thaobh; an áit a dtagann dhá shruth uisce le chéile
taobh na láimhe deise; ar aon treo le gluaiseacht lámha cloig nó le himeacht na gréine (casadh deiseal, ar deiseal)
grúpa daoine a bhíonn ag obair nó ag imirt ar aon taobh le chéile; criú (foireann loinge); bailiúchán rudaí den chineál céanna (foireann uirlisí, foireann fichille)
cheal, in éagmais, in easnamh, de dhíth (gan airgead, gan chosaint, gan déanamh, gan an t-am agam, gan mo chead, gan focal as); i dtaobh le (gan agam ach iad); (leis an diúltach) (dúirt sé liom gan teacht)
i muinín, i dtaobh le (bheith i ngeall le cúpla punt); beagnach (tá sé geall le bheith déanta); cosúil le (ba gheall le féasta é)
scéal scríofa a bhfuil lántéama ann ach atá gairid le taobh úrscéil
gléas análaithe éisc, cosúil le hoscailt taobh thiar dá cheann
mír a léiríonn suíomh, go háirithe suíomh taobh istigh (i gcarr, sa chathair, thuas sa spéir, in áit eile); a léiríonn a bheith gafa (i ngaiste, in achrann sa dris); le foirm nó modh (i bhfoirm cú, i dteanga na tíre); le ballraíocht (i rang a dó, san arm); le feidhmeannas (i bhfeighil na bpáistí, i gceannas); le staid (i bhfiacha, ina luí, in uaigneas, i ngrá); le ham (go mall san oíche, go luath san fhómhar); i bhfrásaí dobhriathartha (i mbliana, in airde, in aice láimhe); le mianach áirithe (tá éirim ann, níl aon mhaith ann, tá céim bhacaí inti); le tomhas (tá cloch mheáchain, sé troithe, ann); le haicmiú nó rangú (níl ann ach amadán; tá sé ina shagart anois); le huimhreacha, ord etc. (ina scataí beaga, ina dhá leath); isteach (cuir i do phóca é, dul i bhfiacha); le hathrú staide (ag dul i bhfeabhas, i méid, i neart, in aois) i + a4 = ina; i + an = sa(n); i + ar3 = inar, i + ár2 = inár; i + na = sna
a bhaineann leis an tír gan dul taobh amuigh di
an chuid ramhar den chos taobh thuas den ghlúin, ceathrú, leis
gluaiseacht taobh thiar (lean an carr sin); tóraíocht (lean na madraí é); comhlíonadh (riail, nós a leanúint); roinnt le (leanann contúirt é sin); bheith cosúil le (níor lean sé a athair); cloí, tacú, le (lucht leanúna); coinneáil ar aghaidh le (lean ar do scéal, lean sé dá chúrsa; lean leat, ort)
(leith in abairtí áirithe) cuid den iomlán atá cothrom leis an gcuid eile (déan dhá leath de, leath slí); cuid, roinn (déan trí leath de); taobh, cliathán; treo (an leath tosaigh)
an chos taobh thuas den ghlúin nó a mhacasamhail ar ainmhithe, ceathrú (leis chaoireola)
(in abairt) fad a bhaineann le, i dtaobh, i dtaca le (maidir leis sin, maidir liomsa de); cosúil le, ar aon dul le (bíodh na huimhreacha maidir le chéile agat); chomh maith le (bhí sé ann maidir le cách)
creimire beag téagartha a réabann poll dó féin sa talamh (Níl sé le fáil in Éirinn taobh amuigh den Zú)
gan a bheith claonta ar thaobh amháin ná ar thaobh eile; gan a bheith páirteach le ceachtar taobh; gan a bheith ceachtar acu fireann ná baineann (ó thaobh inscne)
cuid, píosa, blúire; taobh, lámh (ghlac sé páirt ann; páirt duine a thógáil); comhluadar, caidreamh (ná bíodh baint ná páirt agat leo); cion, cairdeas (lucht gaoil agus páirte; a leanbh na páirte); páirtíocht, comhar (rinne sé i bpáirt liom é)
feadán ceoil a shéidtear leis an mbéal trí pholl ar a thaobh nó ar cheann amháin de, agus a sheinntear leis na méara; scornach; muineál, píobán
eitleán gan liáin faoi chumhacht scairdinnill a thiomáintear le tolg aeir théite a fhórsáiltear tri phíobáin taobh thiar (Tugtar scairdtiomáint air seo)
fad nó teannadh a bhaint as rud (sreang a shíneadh); searradh (do ghéaga a shíneadh); luí ar d'fhad (sín siar ansin); luí le nó cois (sínte le mo thaobh); éirí fada (tá an lá ag síneadh); cur amach (sín amach do lámh); leagan; pointeáil (shín sé a mhéar chuige); brú chun cinn (síneadh chun reatha)
blúire beag de pháipéar daite agus é greamaitheach ar thaobh amháin le cur ar litir etc. mar dhearbhú gur íocadh an postas, etc. (stampa poist); marc (stampa rubair, stampa na hoifige); rian (d'fhág sé stampa a bhróige air); cuma (tá stampa an bhithiúnaigh air)
sraith áirsí agus piaraí ag tacú leo; áit spaisteoireachta faoi dhíon agus siopaí ar gach taobh de
ina s(h)uí; in áit nó in ionad (suite ar thaobh cnoic); cinnte, dearfa; (le duine) íseal téagartha
i leith an taoibh; muiníneach (ní taobhach leis mé); claonta (bheith taobhach le duine)
trom ar thaobh amháin, leathchliathánach; trom le páiste
an treo a dtéann an ghrian faoi; taobh an chúil nó an droma de rud (tá sé taobh thiar díom); ag an deireadh (i ndeireadh a shaoil thiar; tráthnóna thiar); i bhfad siar (thiar sa seanreacht); cúl (tá thiar orm le mo chuid oibre)
aon áit taobh amuigh de bhaile mór nó de chathair; aon talamh nó náisiún ar leith (an Fhrainc, an Spáinn - dhá thír san Eoraip); ceantar, réigiún (sa taobh tíre seo); talamh (i gcomórtas le farraige) (dul i dtír, rudaí a chur i dtír); tuath (ceol tíre; buachaill tíre)
ó thaobh taobh, ó cheann ceann (ag gabháil trí Thrá Lí; dul tríd an liosta); polladh, réabadh (chuaigh an chaint trí mo chroí; ag teacht aníos tríd an talamh); ar fud (ag siúl tríd an aonach; tá an teach trí thine); measctha le (cuir ola tríd); ar feadh (tríd an oíche, tríd an stoirm ar fad); mar gheall ar (trí dhearmad a tharla sé)
fíor a bhfuil trí uillinn agus trí thaobh uirthi; aon rud cosúil leis (triantán de chíste)
brainse den mhatamaitic a dhéileálann leis an ngaol atá idir thaobhanna agus uillinneacha triantán
cineál balcóine agus díon air le haghaidh nó le taobh foirgnimh (ar chothrom na talún de ghnáth)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht