SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
féilire, i bhfoirm leabhair de ghnáth, a thugann eolas faoin aimsir agus faoi nithe a tharlaíonn le linn na bliana
ceartú, tabhairt chun cruinnis; ceartú thar mar is gá (ná bí i gcónaí ag beachtú orm)
duine i gceannas i gcúirt dlí a éisteann an cás agus a thugann an bhreith
i bhfeighil, ag tabhairt aire do
rud nó focail a deirtear; labhairt; guth (d'aithin mé a chaint); abairt, rá (tá cainteanna deasa aige); comhrá (dul chun cainte le duine); aitheasc; óráid (cé a thug an chaint aréir?); ráiteas (is é do chaint féin é); ráfla, iomrá (níl ann ach caint; caint san aer)
an focal i bhfoclóir a bhfuil míniú tugtha air
tugtha do cheathanna, cith anois agus cith arís ann
mearbhall, speabhraíd a thugann ar dhuine rud a fheiceáil nach bhfuil ann
moladh nó cúnamh i bhfocail a thugtar do dhuine nuair nach bhfuil a fhios aige cad is ceart dó a dhéanamh (glac mo chomhairle); treoir, tionchar (fanacht ar chomhairle d'athar); gasra a thagann le chéile chun ceisteanna a phlé agus socruithe a dhéanamh (comhairle baile, comhairle cathrach)
cur i bhfeidhm, tabhairt chun críche, go hiomlán (gealltanas, dualgas, a chomhlíonadh); críochnú (nuair a bhí an aimsir comhlíonta); cúiteamh
ropadh, sá (cuireadh i bpríosún é; scian a chuir i nduine); tabhairt ar staid áirithe (duine a chur i gcruachás; chuir sé ina thost é); léiriú (rud a chur in iúl, a chur i nGaeilge); líonadh le (chuir sé neart ionainn); dul i (cur sa siúl; cur in aghaidh nó i gcoinne ruda)
feiceáil; mothú (thug sé faoi deara go raibh sé ann)
tabhairt (rud a dheonú do dhuine); toiliú, aontú (mar a dheonaigh Dia); é a bheith de ghrásta ionat (dheonaigh sé labhairt liom); toil (ba é deonú Dé é)
chuig, go, go dtí (ag dul don Spáinn); chun cóngaracht nó gaol a léiriú (gar don áit, is mac dom é); ar láimh, i leith (tabhair, taispeáin, dó é; bheith dílis, go maith, do dhuine); le briathra géillte (d'umhlaigh sé, bheannaigh sé, dó; ná géill dó); gan bhriathar (bia don ocrach, Nollaig faoi mhaise daoibh); le haidiachtaí (is breá duit é; b'fhíor dó é; is cuma duit); gan an chopail (duitse é seo); le linn (ag teacht abhaile dom; sa chomhrá dúinn) do + a4 , a5 = dá2 ,3 ; do + an = don; do + ar = dar3 ; do + ár2 = dár1 ; do + ar3 = dár2
faire, tabhairt faoi deara; brath (ag fairís ar dhul ann)
breith nó rialú a tugadh san am atá caite agus a thógtar mar shampla nuair a bhíonn a leithéid i gceist arís
rud cosúil le snáithín caol (mar atá i mbolgán leictreach agus a thugann solas)
duine a chonaic rud ag tarlú nó a bhfuil eolas pearsanta aige faoi rud éigin; duine a thugann fianaise i gcúirt
tabhairt fianaise i gcúirt
breith ar (rud a ghabháil i do lámh); ceapadh (peil a ghabháil); lán baclainne (gabháil féir, mhóna); tógáil (áit duine a ghabháil); tabhairt faoi, oibriú ar (ag gabháil d'obair); greamú, tógáil (coirpeach a ghabháil); buachan (an lá a ghabháil); a thógáil chugat féin (páirt a ghabháil i rud); glacadh le (gabh mo leithscéal); glacadh, a theacht ar (ghabh tart é); dul, siúl (ag gabháil thar bráid; ag gabháil abhaile); teacht (gabh i leith); gléasadh (capall a ghabháil); rá, aithris (ag gabháil fhoinn, véarsaí); giosta
rud a thugtar mar dheimhniú go ndéanfar rud éigin (dul i ngeall ar rud); airgead a chuirtear ar iomaitheoir i gcomórtas (geall a chur ar chapall i rás); comhartha dúshláin (geall comhraic); bua, duais (an geall a bhreith ó dhuine); dealramh, cuma (tá geall fáis sna barra)
coiste a thugann breithiúnas ar chás i gcúirt dlí
teas a thugann an t-éan do na huibheacha leis na héin óga a thabhairt amach; othras, teas lasánta (gor i gcneá)
tabhairt le fios, cur i gcéill
lúb a dhéanamh de rud, cor nó casadh a theacht nó a chur i rud; tabhairt (lúb an roth orm, lúb na hioscaidí fúm)
tugtha do bheith ag smaoineamh go domhain; maith ag cuimhneamh, tuisceanach, éirimiúil; ar do chéill (tréimhse mheabhrach i dtinneas)
rud beannaithe; coróin; leabhar, móid shollúnta (mar a thugtar i gcúirt dlí); mallacht, eascaine (mionnaí móra)
ceann de na snáithíní go léir sa chorp a thugann mothúcháin (teas, fuacht, pian, mar shampla) ó gach cuid den chorp go dtí an inchinn agus a iompraíonn teachtaireachtaí ar ais a chuireann gníomh i bhfeidhm
pointe ama, am áirithe; cás nó teagmhas áirithe (rugadh air san ócáid); cúis, leithscéal (ócáid scannail); gnó, cúram (an ócáid a thug ann mé); feidhm, críoch (níl aon ócáid agam leis; rud a chur ó ócáid)
duine a thugann turas i bhfad i gcéin ar áit bheannaithe
bior géar a chur i rud (duine a phriocadh le snáthaid); cealgadh, griogadh (phrioc an diabhal, a choinsias, é); sonc (tabhair priocadh dó)
a thugann fuinneamh amach i bhfoirm gathanna dainséaracha
ceann ar bith de na pointí beaga geala i spéir na hoíche, go mór mór cinn a bhfuil suíomh seasmhach acu agus a thugann a gcuid solais féin uathu ar nós na gréine
teacht nó tabhairt ar an saol; buanú, maireachtáil i bhfad (go saolaí Dia thú); breith (saolú Chríost)
spás (tabhair scóip dó); réim (scóip leabhair); fuadar (scóip chun oibre); áthas ceart, éirí croí (scóip i gcomhair na saoire)
tabhairt ar láimh (do dhuine); tairiscint, cur i láthair (seic a sheachadadh)
ceol rince bríomhar de bhunús Mheiriceá a dtugtar cuid mhaith nuachta isteach ann mar aon le rithimí láidre
míniú, mionléiriú; aird, tabhairt faoi deara (sonrú a chur i rud; shonrófá i gcruinniú é)
achar (fág spás eatarthu); fad (spás orlaigh); slí, fairsinge (spás do na cathaoireacha); an réigiún spéire atá i bhfad amach agus gan aon aer ann; seal ama (tabhair spás beag eile dom); coiscéim
cos nó trunc crainn; cos cabáiste etc.; ceap (gunna, ancaire, céachta); fréamh (focail); pór (daoine); ainmhithe feirme, eallach; stór earraí; airgead a infheistítear i ngnó nó a thugtar ar iasacht don rialtas; leacht ina mbruitear feoil is cnámha is glasraí mar bhunús d'anraith
banda nó líne chaol atá difriúil i ndath, i ndéanamh etc., lena thimpeallacht, straidhp; stróic, líne (stríoc phinn); scoilt (i ngruaig); smacht, ceannas (thug sé faoi stríoc é)
bronnadh, soláthar (thug sé le fonn é; seilbh, teideal, a thabhairt; comhairle, breith, a thabhairt); scaoileadh amach (móid a thabhairt; cárta, cábla, a thabhairt); fás, borradh (talamh a bhfuil tabhairt ann); caitheamh (léim a thabhairt; thug sé a shaol ann); géilleadh, stríocadh, teip (má thugann an balla sin); tógáil, iompar, crochadh leat (tabhair abhaile é; thug sé leis é; tabhair i leith iad); ionsaí, iarraidh (thug sé fúm, faoi é a dhéanamh); scaradh le (eolas a thabhairt uait; dóchas a thabhairt suas)
gléas i bhfoirm píopa agus é feistithe le lionsaí a thugann cló níos mó agus níos giorra do láthair ar rudaí i bhfad ó bhaile
i mbaol titim; tugtha do thitim