EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
twenty, 1 num.a. Fiche(followed by sg.); scór(followed by pl.) Twenty men, years, fiche fear, bliain; scór fir, blianta. About twenty people, suas le scór daoine. Twenty-one persons, duine agus fiche. He is twenty-three years old, tá sí trí bliana fichead, ar fhichid, agus fiche, d'aois. 2 num.s. Fiche f -ead, scór m. The twenties, na fichidí.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
There are about twenty of them, tá timpeall is scór acu ann.
Above twenty, thar scór, os cionn scóir.
He is twenty years of age, tá sé fiche bliain d'aois.
Aged twenty years, fiche bliain d'aois.
Twenty men in all, fiche fear, líon a slua.
The law allows you twenty days' grace, tá cairde fiche lá agat de réir dlí.
(Up) to the amount of twenty pounds, a fhad le fiche punt.
Five and twenty years, cúig bliana fichead.
Thirty ayes and twenty noes, tríocha leis agus fiche ina aghaidh.
He is barely twenty, is ar éigean má tá fiche bliain aige.
He is six feet in height, twenty years of age, twelve stone weight, tá sé sé throigh ar airde, fiche bliain d'aois, dhá chloch dhéag (meáchain).
Herd of twenty beasts, fiche ceann eallach.
At twenty she was beautiful, ba bhreá í i gceann a fiche bliain.
Between twenty and thirty, ó scór go scór go leith.
To be twenty pounds in debt, bheith fiche punt i bhfiacha.
Twenty degrees west of Greenwich, fiche céim laistiar de Greenwich.
Gold twenty-two carats fine, ór ar ghlaine dhá charat is fiche.
Twenty-first, an t-aonú ceann fichead, ar fhichid, agus fiche.
Twenty thousand foot, fiche míle coisí.
Twenty thousand horse and foot, fiche míle idir chois agus mharcshlua.
To go twenty miles an hour, dul fiche míle san uair.
I guessed him to be twenty-five, thug mé cúig bliana fichead dó.
Let's have a hand of twenty-five, bíodh cluiche cúig fichead againn.
He got a handicap of twenty yards, tugadh buntáiste fiche slat dó.
A little more than twenty years ago, corradh beag le fiche bliain ó shin.
To make twenty nautical miles, dul de réir fiche míle farraige san uair.
Ship mounting twenty guns, soitheach agus fiche gunna mór uirthi.
He makes nothing of walking twenty miles, ní dada aige, ní haon chéim leis, fiche míle a shiúl.
Twenty pounds odd, fiche punt agus scillingí corra.
Com: I made an offer of twenty pounds for the horse, thairgeas fiche punt ar an gcapall.
Twenty-one years, bliain is fiche.
Twenty miles per hour, fiche míle san uair.
(Of ship) She is proceeding at twenty knots, tá siúl fiche míle léi.
Going at the rate of twenty miles per hour, ag gabháil fiche míle san uair.
Coll: A fleet of twenty sail, cabhlach fiche long.
To salute with twenty guns, cúirtéis fiche gunna a scaoileadh.
Some twenty pounds, tuairim agus fiche punt; fiche éigin punt.
He stuck out for twenty pounds, ní ghlacfadh sé pingin faoi bhun fiche punt.
To receive twenty strokes, fiche buille a fháil.
Poet: A maiden of twenty summers, ógbhean fiche bliain.
F: I don't suppose I have been in a bus for twenty years, ní dóigh liom go rabhas ar aon bhus le fiche bliain.
Bus that takes twenty passengers, bus a iomprós fiche paisinéirí.
There were twenty people all told, bhí fiche duine ann ar fad.
More than twenty, breis agus fiche.
Twenty-five miles to the gallon, cúig mhíle fhichead in aghaidh an ghalúin.
To the number of twenty, suas go fiche.
He whacked her up to twenty knots, chuir sé fiche míle uirthi.