TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
keep1, s. 1 Hist: Daingean m, doinsiún m. 2 Coinneáil f, cothú m. To earn one's keep, do chuid a shaothrú. Ten shillings a day and his keep, deich scilling sa lá agus a chothú. He isn't worth his keep, ní fiú a chuid é. 3 For keeps, le coinneáil.
keep2, I v.tr. 1 (Observe) Comhlíonaim, cuirim le (gealltanas); leanaim (riail) ; seasaim le (conradh); coinním, coimeádaim (aitheanta Dé). He didn't keep the appointment, níor tháinig sé mar a bhí socraithe aige. 2 (Celebrate) Ceiliúraim, déanaim (féile); coimeádaim (saoire). To keep Lent, an Carghas a dhéanamh. To keep Christmas in the old style, an Nollaig a cheiliúradh ar an sean-nós. 3 (Protect) a Cumhdaím (duine ar rud). b Sp: To keep (the) goal, an báire a chosaint. 4 a Aoirím (caoirigh). b Badly kept road, bóthar a bhfuil droch-chaoi air. c Coinním (cuntais). d Cothaím (duine). To keep s.o. in clothes, éadach a choinneáil ar dhuine. To keep s.o. in tobacco, tobac a choinneáil le duine. e He keeps a carriage, school, shop, tá cóiste, scoil, siopa, aige. f Tógaim (muca, éin). 5 a To keep order in a crowd, riail a choinneáil ar shlua. To keep silence, fanacht i do thost. b He keeps a good table, cothaíonn sé go maith é féin. 6 (Detain) To keep s.o. in prison, duine a choinneáil i bpríosún. Keep him at home for a few days, coinnigh istigh é go ceann cúpla lá. He kept me for dinner, choinnigh sé le haghaidh mo dhinnéir mé. Don't let me keep you! ná cuirimse moill ort! 7 (Restrain) To keep the river within its bed, an abhainn a choinneáil isteach. To keep s.o. from sleeping, duine a chur, a choinneáil, ó chodladh. 8 (Reserve) To keep sth. for s.o., rud a choinneáil do dhuine. 9 Coinním, coimeádaim (earraí in áit). The place where I keep my clothes, an áit a mbíonn mo chuid éadaí agam. 10 (Retain) Coimeádaim, coinním (greim, aire, duine). You may keep the book I lent you, féadfaidh tú an leabhar a thug mé ar iasacht duit a choimeád. 11 To keep sth. from s.o., rud a cheilt ar dhuine. Keep it to yourself, buail fiacail air; ná lig le d'anáil é. 12 He kept his course, lean sé dá chúrsa. To keep the middle of the road, coinneáil i lár an bhóthair. 13 To keep one's bed, fanacht ar an leaba; an leaba a choinneáil. To keep the house, fanacht istigh. 14 a To keep one's ground, an fód a sheasamh. To keep the saddle, fanacht sa diallait. b Keep your seat! fan i do shuí! To keep one's figure, an tseangacht a choinneáil. 15 a To keep sth. warm, rud a choinneáil te. b To keep s.o. waiting, duine a choinneáil ag fanacht. To keep one's eyes fixed on sth., na súile a choinneáil dírithe ar rud. Keep him at it! teann an tine leis! Nau: Keep her so! coinnigh mar sin í! II ► keep, v.i. 1 Fanaim. To keep standing, fanacht i do sheasamh. How are you keeping? cad é an bhail atá ort? To keep quiet, fanacht socair. 2 a To keep at work, leanúint den obair. To keep at it, coinneáil leis. To keep straight on, leanúint ar aghaidh díreach. b He kept on eating, mhair sé ag ithe leis. 3 (Of food, etc.) Seasann. Butter that will keep, im a sheasfas. My revenge will keep, ní fhuaróidh ar m'fhonn díoltais.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To keep the accounts, na cuntais a choinneáil.
Keep on adding to it, bí ag cur ina cheann.
F: (Of solvency) If he can keep afloat..., má éiríonn leis a ghreim a choinneáil . . .
To keep s.o. on the alert, duine a choinneáil ar a fhaichill.
To keep s.o. alive, an t-anam a choinneáil i nduine.
To keep the fire alive, an dé a choinneáil sa tine.
To keep courage alive, misneach a chothú.
Keep aloof! coinnigh amach!
To keep, to hold, aloof from sth., fanacht amach as rud.
He was angry at being kept waiting, bhí fearg air cionn is gur baineadh moill as.
The boys and girls are kept apart, coinnítear na buachaillí agus na cailíní ó chéile.
Keep him at arm's length, coinnigh fad do rí uait é.
He will keep silent, as I am an honest man, ní labhróidh sé aon fhocal, rachaidh mise i mbannaí.
That kept me away from town, sin an rud a choinnigh as an gcathair mé.
Keep away from him, fan glan air.
F: To keep the ball rolling, an scéal a choinneáil seadaithe; na gnóthaí a choinneáil ar bun.
Keep to your bed, fan i do luí, fan ar do leaba.
To keep bees, beacha a thógáil.
To bind s.o. over to keep the peace, duine a chur faoi bhannaí síochána.
He is trying to keep body and soul together, tá sé ag iarraidh greim a bhéil a bhaint amach.
To keep the pot boiling, (i) an pota a choinneáil ag fiuchadh; (ii) riar a gcáis a sholáthar don teaghlach; (iii) na himeachta a choinneáil ar siúl.
To keep the books of a shop, cuntais siopa a choinneáil.
To keep within bounds, fanacht i mbun na measarthachta.
Keep a bright look-out, bíodh súil le féachaint agat.
He kept by himself, d'fhan sé i leataobh.
He kept calm, choinnigh sé guaim air féin.
To keep cave, a bheith san airdeall.
He keeps a good cellar, bíonn an siléar láidir aige.
To keep, to hold, the enemy in check, an namhaid a choinneáil siar; bacainn a chur ar an namhaid.
To keep a check on sth., rud a choinneáil faoi scrúdú.
To keep chime with sth., aontú le rud, géilleadh do rud.
Nau: The wind keeps chopping about, tá siúl ar an ngaoth.
To keep sth. clean, rud a choinneáil glan.
To keep, steer, clear of sth., coinneáil amach ó, glan ar (rud); rud a sheachaint.
I keep clear of him as far as possible, fanaim amach uaidh chomh maith agus a fhéadaim é.
To keep close watch on s.o., súil ghéar a choinneáil ar dhuine.
To keep close to the door, fanacht gar don doras.
To keep s.o. company, comhluadar a choinneáil le duine; cuideachta a dhéanamh do dhuine.
He was keeping company with her, bhí sé ag gabháil léi.
To keep good company, comhluadar maith a thaithí.
He kept himself in condition, choinnigh sé caoi air féin.
Everything conspired to keep him late, shílfeá gur d'aonghnó lena choinneáil mall a tharla gach rud.
'To be kept in a cool place', ‘coinnítear san fhuarthan'.
He kept cool and collected, choinnigh sé guaim air féin.
Keep cool! breá réidh! tóg bog é!
He kept his (own) counsel, choinnigh sé a intinn aige féin.
To keep count of . . ., cuntas a choinneáil ar . . .
She kept her countenance, choinnigh sí guaim ar a dreach.
Keep it dark, buail cos air, coimeád ina rún é.