TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
speak, I v.i. 1 a Labhraím, déanaim caint. Without speaking, gan labhairt, gan focal a rá. He cannot speak, níl caint aige. To speak in English, labhairt as Béarla, i mBéarla. b To speak to s.o., labhairt le duine; dul chun cainte le duine; caint a chur ar dhuine. I will speak to him about it, labhród leis mar gheall air. I know him to speak to, tá aithne chomhrá agam air. To speak with s.o., comhrá a dhéanamh le duine. Speaking for myself..., maidir liom féin . . ., ar mo shon féin . . . Roughly speaking, tríd is tríd. So to speak, mar a déarfá. c The discovery speaks for itself, is léir ón bhfionnachtain féin a tábhacht. d (Of organ, etc.) Bloscann. Suddenly the guns spoke, leis sin féin labhair na gunnaí. e Ven: (Of dog) Amhastraíonn. 2 Labhraím (i gcruinniú), déanaim óráid. Mr. O'Brien rose to speak, d'éirigh Mac Uí Bhriain chun cainte. II v.tr. 1 a Labhraím, deirim (focal); insím, nochtaim (rún). To speak the truth, an fhírinne a dhéanamh. Not to speak a word, gan aon fhocal a rá. b He spoke his mind, dúirt sé an rud a bhí ar a intinn. To his shame be it spoken, cé gur aithis air é. 2 Léiríonn. Eyes that speak affection, súile a bhfuil cion le léamh orthu. 3 Labhraím (teanga). Do you speak English? an bhfuil Béarla agat? English spoken, labhraítear Béarla anseo. 4 Nau: To speak a ship, forrán a chur ar shoitheach.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
You speak first, I shall speak after, labhairse ar dtús, labhródsa i do dhiaidh.
I never spoke to him after, níor labhair mé riamh leis ó shin.
(With antecedent) I spoke to all the people who were there, labhair mé lena raibh (de dhaoine) ann.
Did you speak at all, ar labhair tú focal ar bith?
I want to speak to you alone, ba mhaith liom labhairt leat i leataobh.
He was backward in speaking, ba leasc leis labhairt.
He spoke with bated breath, labhair sé faoina anáil.
It is you I am speaking to, (is) leatsa atá mé ag caint.
He spoke in a beery voice, bhí aithne óil ar a chuid cainte.
To speak in, on, s.o.'s behalf, labhairt ar son duine.
To speak by the book, urra a chur le do chuid cainte.
Broadly speaking, tríd is tríd.
He spoke in his individual capacity, labhair sé mar dhuine príobháideach.
To speak clearly, labhairt go glanghuthach, go soiléir.
He spoke without constraint, labhair sé gan bac; scaoil sé leis féin sa chaint.
I speak under correction, mura bhfuil dearmad orm ...
Speaking of other, former, days, ag caint faoin saol atá caite.
He spoke in a despairing tone, bhí meacan an éadóchais ina ghlór nuair a labhair sé.
I was diffident about speaking to him, ba leasc liom labhairt leis.
To speak disparagingly of s.o., labhairt go tarcaisniúil ar dhuine.
Within speaking distance, fad éisteachta.
I was still doubtful about speaking to him, bhíos idir dhá chomhairle i gcónaí an labhróinn leis (nó nach labhróinn).
He speaks easily, labhraíonn sé go líofa, tagann an chaint chuige go saoráideach.
Can I speak to anyone else? bhfuil aon duine eile ann a bhféadfainn labhairt leis?
To speak evil of s.o., labhairt go mailíseach ar dhuine.
To speak in an exalted strain, labhairt go huasal.
He spoke extempore, labhair sé gan aon ullmhú roimh ré.
Facility in speaking, líofacht f chainte.
To speak (s.o.) fair, (i) labhairt go múinte (le duine); (ii) na huirc is na hairc a ghealladh (do dhuine).
To speak feelingly of sth., labhairt i dtaobh ruda (i) go báúil; (ii) go corraithe.
To speak with feeling, labhairt (i) go díograiseach; (ii) go corraithe.
There's a fellow downstairs who wants to speak to you, tá duine éigin thíos an staighre ag iarraidh labhairt leat.
Speaking in a general way, ag labhairt go ginearálta.
She spoke in a genteel tone of voice, bhí tuin, canúint, ghalánta ar a cuid cainte.
To speak in glowing terms of s.o., gan fuíoll molta a fhágáil ar dhuine.
To speak words of gold, labhairt go huasal.
He is too far gone to speak, níl ann labhairt.
He speaks with a halt, tá stad ann.
I heard him speak, chualas ag caint é.
He was speaking of her, bhí sé ag caint uirthise.
She was speaking of him, bhí sí ag caint airsean.
Honestly speaking, leis an bhfírinne a rá.
To whom have I the honour of speaking? cé sin agam ann le do thoil?
To speak ill of s.o., an drochfhocal a rá faoi dhuine.
He speaks in images, ní bhíonn ina chuid cainte ach samhlaoidí.
I speak with inside knowledge, agus ní scéal scéil atá agam air.
I was itching to speak, bhí mé i mbroid le labhairt.
F: To speak in a high key, labhairt i nglór géar.
He spoke very kindly of you, labhair sé go maith ort.