ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The weather is against us, tá an aimsir ag cur orainn.
He amuses himself with writing, tá scríbhneoireacht mar chaitheamh aimsire aige.
What awful weather! a leithéid d'aimsir mhillteanach!
Far back in pagan times, i bhfad siar in aimsir na págántachta.
The badness of the weather, donacht f na haimsire.
What beastly weather! a leithéid d'aimsir ghránna!
Such amusements do not belong to his age, níl a leithéidí sin do chaitheamh aimsire ag cur lena aois.
The weather is better, tá feabhas ar an aimsir.
The weather bids fair to be fine, tá gach cosúlacht air go mbeidh aimsir mhaith ann; tá aimsir mhaith air.
Break in the weather, claochlú m aimsire.
What the future will bring forth, an rud a thiocfas leis an aimsir.
That depends on circumstances, tá sé sin i gclé na haimsire, de réir mar thitfidh.
Close weather, aimsir mheirbh, mharbhánta, throm.
The old coaching days, aimsir na seanchóistí; aimsir na cóisteoireachta.
Weather conditions, an aimsir.
In the course of time, le himeacht aimsire, leis an aimsir.
What cursed weather! nach diabhlaí an aimsir í!
In the days of. . ., in aimsir . . .
You will catch your death, if you go out in this weather, gheobhfaidh tú galar do bháis, má ghabhann tú amach a leithéid seo d'aimsir.
Past definite, an aimsir chaite chinnte.
v.tr.To detract sth. from s.o.'s pleasure, cur isteach beagán ar chaitheamh aimsire duine.
Dirty weather, (i) aimsir gharbh; (ii) aimsir shalach, shramach.
Domestic servant, s.domestic, cailín m aimsire, searbhónta m.
Early ages, tosach m aimsire.
From the earliest times, ó thosach aimsire; ó thús an tsaoil.
To be in s.o.'s employ, bheith fostaithe, bheith ar aimsir, ag duine.
In this exigence, in aimsir seo na cruóige.
Where are your eyes? cá raibh tú aimsir na súl?
The weather favoured our departure, bhí an aimsir chuige agus sinn ag imeacht.
When the weather is fine, nuair a bhíonn an aimsir go breá.
He was footling away his time, bhí sé ag meilt a chuid aimsire gan tairbhe.
F: What foul weather! nach caillte an aimsir í!
Foul weather, aimsir mhór.
From the earliest records onwards, ón aimsir is sia siar a dtéann cuntas air.
In the fullness of time, le himeacht aimsire; nuair a chaithfear an cairde.
Without further loss of time, gan tuilleadh aimsire a chur amú.
Gram: Future tense, an aimsir fháistineach.
(Servant-)girl, cailín aimsire.
The weather is gloomy, tá púic, smúit, ar an aimsir; tá an aimsir modartha.
What glorious weather! nach aoibhinn an aimsir í!
That story goes back to the Flood, tá an scéal sin ag dul siar go haimsir na díleann.
To go with the times, coimeád gob ar ghob leis an aimsir; géilleadh do nós na haimsire.
He will grow out of it, fágfaidh sé ina dhiaidh é leis an aimsir.
The weather has played old Harry with his health, rinne an aimsir an diabhal ar a shláinte.
Heavy weather, aimsir ghruama.
Mother's help, cailín aimsire, cailín cúnta (ag máthair clainne).
To do sth. as a hobby, rud a dhéanamh mar chaitheamh aimsire.
If the weather holds, má mhaireann an aimsir (go breá).
If the weather holds up, má mhaireann an aimsir.
Pleasant weather, if rather cold, aimsir dheas í, ach é bheith buille fuar.