Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: carúl · frugal · ragú
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
CUARDACH DROIM AR AIS IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Take a step back, tóg coiscéim ar gcúl.
Put the clock back, cuir an clog ar gcúl.
To take a back-seat, suí thiar ar gcúl.
Backward motion, gluaiseacht f ar gcúl.
To go, walk, backwards, imeacht, siúl, ar gcúl.
(Press) We were borne backwards by the crowd, scuabadh ar gcúl sinn leis an slua.
To beat off an attack, ionsaí a chur ar gcúl.
The country is (far) behind its neighbours, tá an tír i bhfad ar gcúl le taobh a comharsana.
(Of pers.) They are well connected, tá gaolta ceannasacha ar a gcúl acu.
Farther back, níos sia ar gcúl, siar.
They fought off the enemy, chuireadar díobh an namhaid, thiomáineadar an namhaid ar gcúl.
To go back two paces, dul dhá chéim ar gcúl.
He went back on the agreement, chuaigh sé ar gcúl sa mhargadh.
To hang up a plan, plean a choinneáil ar gcúl.
To hurl back the enemy, an namhaid a chaitheamh ar gcúl.
An injunction to stay proceedings, ordú (cúirte) le cúis a chur ar gcúl.
The case was remanded for further inquiry, cuireadh an cás ar gcúl go bhfaighfí tuilleadh eolais.
To keep s.o. off, duine a choinneáil ar gcúl, a choinneáil siar.
To hold over a decision, breithiúnas a chur ar gcúl, a chur siar.
In the rear, ar gcúl.
To set back the clock, an clog a chur ar gcúl.
To let the question stand over, an cheist a chur ar gcúl.
To start back, preabadh ar gcúl.
To take a step backwards, dul coiscéim ar gcúl.
To gather stern-way, dul ar gcúl, cúlú.
Prov.There is no standing still, mura rachaidh tú ar aghaidh rachaidh tú ar gcúl.
Behind them, ar a gcúl.
To tilt backwards, claonadh ar gcúl.
To be behind the times, bheith ar gcúl, seanaimseartha.
Behind us, ar ár gcúl.
To wait a meal for s.o., béile m a choinneáil ar gcúl do dhuine.
The moon is on the wane, tá an ghealach ag dul di, ag dul ar gcúl.
To keep out of the way, fanacht ar leataobh, ar gcúl.
To withdraw a promise, dul ar gcúl i ngealltanas.
Behind you, ar do chúl, bhur gcúl.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht