Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: tairiseach · taiseach · aistreach · tairiseacht · tairseach
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
They came in two at a time, tháinig siad isteach ina mbeirt agus ina mbeirt.
Your cheque was most acceptable, tháinig do sheic isteach go binn; bhí fáilte is céad roimh do sheic.
The boat, it appears, did not call at. . ., de réir cosúlachta, níor tháinig an bád isteach go ...
He went out (just) as I came in, chuaigh sé amach (go díreach) agus mé ag teacht isteach.
He came in at the window, isteach an fhuinneog a tháinig sé.
The wind is blowing in at the window, tá an ghaoth ag teacht isteach ar an bhfuinneog.
They came in a body, tháinig an t-iomlán acu isteach in éineacht,
He burst into the room, tháinig sé isteach sa seomra de sciotán.
He burst in, tháinig sé de léim isteach.
(Of ship) To call at a port, teacht isteach i gcalafort faoi bhealach.
To come upon s.o., teacht isteach i gcloigeann duine; rith le duine; duine a bhualadh.
Comfortable income, teacht isteach maith.
He has a small competency, tá teacht isteach beag aige.
The train drew into the station, tháinig an traein isteach sa stáisiún.
Either come in or go out, tar isteach, é sin nó gabh amach.
Come in or else go out, tar isteach, é sin nó gabh amach.
To make one's entry, dul, teacht, isteach.
He finished, tháinig sé isteach (i rás).
The prophecy was fulfilled, tháinig an fháistine isteach, tháinig an tuar faoin tairngreacht.
He gate-crashed the dance, tháinig sé isteach chuig an rince ina stucaire, ina tháthaire.
He is getting into the way of doing it, tá sé ag teacht isteach air, ag dul i dtaithí é a dhéanamh.
F: To get the hang of sth., (i) teacht isteach, éirí cleachta, ar rud; (ii) ciall a bhaint as rud.
Come in here, tar isteach anseo.
Imported goods, earraí allmhairithe, iompórtáilte, thar tír isteach.
Incomings, teacht m isteach, ioncam m, fáltais mpl.
He has a modest independence, tá teacht isteach beag dá chuid féin aige.
He is a man of independent means, tá teacht isteach príobháideach aige; tá sé ar an neamhacra.
Walk inside! tar isteach.
Just as he entered, go díreach agus é ag teacht isteach; ar an ala a tháinig sé isteach.
To acquire, get into, the knack of sth., teacht isteach ar rud a dhéanamh.
May I come in? -- You may, bhfuil cead agam teacht isteach? -- tar.
May I come in? -- By all means! an bhfuil dochar do dhuine teacht isteach? Fáilte romhat!
He has come in this (very) minute, tháinig sé isteach anois go díreach.
They finished neck and neck, gob ar ghob a bhíodar ag teacht isteach dóibh.
To look over into a garden, amharc isteach i ngarraí thar an mballa.
Visitors from overseas, cuairteoirí thar tír isteach, as tíortha thar lear.
Will you join our party? an dtiocfaidh tú isteach sa chomhluadar seo?
He has a private income, tá teacht isteach dá chuid féin aige.
It proved useful, tháinig sé isteach go fóinteach.
To make a provision for s.o., teacht isteach a chur in áirithe do dhuine.
Come in out of the rain, tar isteach ón bhfearthainn.
The new party was largely recruited from the poor people, is iad na bochtáin is mó a tháinig isteach sa pháirtí nua.
Watching the waves roll in, ag breathnú ar na tonnta ag teacht isteach ina mbréidíní.
F: She sailed into the room, tháinig sí isteach sa seomra go státúil.
Sea-borne goods, earraí thar farraige isteach, amach.
Small income, teacht isteach caol.
I am a stranger here, duine thar tír isteach mé; ní de thógáil na háite seo mé.
People entered in streams, bhí siad ag teacht isteach ina scuainte.
The crowd was streaming in, bhí na daoine ag teacht isteach ina dtuilte.
She swept into the room, tháinig sí isteach de rúchladh sa seomra.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht