Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: láighe · láimh · leáigh · léigh · ligh
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ GAOLMHARA SAN FHOCLÓIR BEAG
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
(déan é ach ná caith an lá leis); taobh amuigh de (ní raibh ann ach an triúr againn; níl ann ach go n-aithním é; ach amháin mé féin); ar acht go (tá sé blasta ach salann a chur air); chomh luath is (ach mise greim a fháil air); murach (ach grásta Dé)
ainm a thabhairt ar; duine a mholadh (do phost, etc.); (lá, áit, etc.) a spriocadh
ar leith (lá áirithe); curtha san áireamh (sin é atá áirithe dó)
an lá i ndiaidh arú amárach
an chéad lá eile, an lá i ndiaidh inniu
ar chéim ard (tá sé an-mhór); fíormhaith (bhí an-lá againn)
go dtí an taobh thall, sall; amach (anonn sa lá)
a bhaineann le haon, an chéad (an t-aonú lá)
an lá roimh an lá inné
an fad ama a bhaineann sé as an domhan dul timpeall na gréine; 365 lá nó 52 seachtain nó 12 mí
bliain a bhfuil lá breise inti i mí Feabhra
deorach; silteach, báistiúil (lá bog braonach)
lá an bhreithiúnais
fo-lá; lá ceathanna is gealán
tabhairt nó teacht ar an saol (rugadh leanbh di; lá breithe) tabhairt mar thoradh (ubh a bhreith); iompar chun siúil (beir leat é sin); greim a fháil ar, teacht suas le (beir greim air, ní bhéarfaidh sé anois orainn); buachan (rug sé an chraobh leis); dul (beir leat abhaile); druidim le (ag breith suas ar a trí)
breithiúnas (breith a thabhairt ar chúis; Lá na Breithe)
rud a imeacht uait nó a bheith ar iarraidh (radharc, airgead, a chailleadh); gan a fháil (chaill mé an tAifreann); titim ar gcúl (cailleann an clog sin nóiméad sa lá); teip i gcluiche nó i gcomórtas; bás a fháil (ó cailleadh m'athair)
go, go dtí, i dtreo (dul chuig, chun, duine); maidir le, i dtaobh, i leith (go maith chuig Laidin, chun Laidine); le haghaidh (réidh chun bainte; cad chuige é sin?); oiriúnach i gcomhair (má bhíonn an lá chun féir); i mbun (cliste chun oibre); ar tí (bhí mé chun é a rá léi)
socrú, beartú, ceapadh (cinneadh ar lá, ar rud a dhéanamh)
meath an tsolais idir lá agus oíche
dhá sheachtain, ceithre lá dhéag
an dá thráth den bhliain nuair is comhfhad lá agus oíche (thart ar Mhárta 21 agus Meán Fómhair 23)
leibhéalta, réidh (talamh cothrom, meá chothrom); measartha, cóir (lá cothrom oibre, luach cothrom saothair); féaráilte (bí cothrom leis anois)
bua nó cumas rudaí a thabhairt ar ais san aigne (beidh cuimhne ar an lá seo fós); na rudaí ar fad a gcuimhníonn daoine orthu (más buan mo chuimhne; cuimhní cinn)
tabhairt chun cuimhne (cuimhním ar an lá go maith); smaoineamh (níor chuimhníomar go dtiocfá); beartú, seiftiú (ag cuimhneamh ar dhul abhaile); plean, seift (is maith an cuimhneamh é)
comhaireamh, áireamh (cuntas a dhéanamh ar rudaí); an méid ceart (tá an cuntas ansin agat); cúrsaí airgid (cuntas bainc); reicneáil (lá an chuntais; duine a thabhairt chun cuntais); tuairisc, cur síos (tá cuntas sa leabhar seo air; cuntas duine a chur)
sábháil (airgead a chur tharat); doirteadh (pota ag cur thairis); síorchaint (tá sí ag cur thairsti ó mhaidin); casadh (roth, long, a chur thart); roinnt (deoch a chur thart); caitheamh, meilt (an lá a chur thart)
an lá den mhí agus den bhliain a chuirtear le rud; lá, mí agus bliain áirithe
cur i gcrích nó ar fáil (obair a dhéanamh); comhlíonadh (an carghas, do dhualgas, a dhéanamh); cleachtadh (léann nó eolas a dhéanamh); cur le chéile (rinne Dia an domhan, bád a dhéanamh); ullmhú, cóiriú (an dinnéar a dhéanamh); cruthú (déanfaidh sé lá maith fós); sroicheadh (talamh a dhéanamh, na ceithre scór a dhéanamh); tarraingt (achrann a dhéanamh); bheith páirteach i (comhrá, greann, a dhéanamh); tabhairt (seanmóir a dhéanamh); (le haidiacht) (rinne sé tuirseach mé); ceapadh (tá mé ag déanamh go bhfuil an ceart agat; déanaim amach go bhfuil); cruth (rud ar dhéanamh uibhe); bheith sásta le (caithfidh tú déanamh leis, as)
an uimhir 2 roimh ainmfhocail (dhá cheann, dhá lá dhéag)
gan éifeacht, amú (is díomhaoin mo ghnó, mo thuras); gan a bheith ag obair (lá ag obair agus lá díomhaoin); leisciúil; neamhphósta
achar nó tamall fada (i bhfad ó bhaile, ó chéile); faide (an lá ag dul i bhfad, i bhfad na haimsire)
lá cuimhne naoimh, lá pátrúin (Lá Fhéile Pádraig; féile Michíl); ócáid mhór, aeraíochta, fleá
dul sa tóir ar ainmhithe chun breith orthu (mar spórt nó mar sprioc chreiche); an tóir féin (lá fiaigh, capall fiaigh); géim, creach
gan a bheith mínithe nó saothraithe ag an duine (ainmhithe fiáine, bláthanna fiáine); gan smacht (fear fiáin; páistí ag imeacht fiáin); díocasach (fiáin chun oibre); stoirmiúil (lá fiáin gaoithe)
chun fiántais (tá a lá ag dul i bhfiáin)
éan beag donn a cheolann go binn san oíche chomh maith leis an lá
uisce ann nó é clúdaithe le huisce; é ag fearthainn (lá fliuch)
cúram ruda a bheith ort, cuntasach; áiseach, oiriúnach (dá mbeadh an lá freagrach); ag teacht nó ag réiteach le
bail fhuar; fuacht (bhí an lá ag dul i bhfuaire); faillí (gnó a ligean i bhfuaire; is é fear na fuaire é)
breith ar (rud a ghabháil i do lámh); ceapadh (peil a ghabháil); lán baclainne (gabháil féir, mhóna); tógáil (áit duine a ghabháil); tabhairt faoi, oibriú ar (ag gabháil d'obair); greamú, tógáil (coirpeach a ghabháil); buachan (an lá a ghabháil); a thógáil chugat féin (páirt a ghabháil i rud); glacadh le (gabh mo leithscéal); glacadh, a theacht ar (ghabh tart é); dul, siúl (ag gabháil thar bráid; ag gabháil abhaile); teacht (gabh i leith); gléasadh (capall a ghabháil); rá, aithris (ag gabháil fhoinn, véarsaí); giosta
an uile (gach lá, bliain, duine; gach re fear); an uile rud (gach a bhfuil agam, gach a bhféadfainn)
breá, álainn, iontach (lá galánta); faiseanta, gleoite (éadach galánta); uasal (fear galánta); ardnósach (caint ghalánta)
a dhéanamh glan nó éirí glan; íoc go hiomlán (fiacha a ghlanadh); gealadh suas (ghlan an lá); imeacht ar fad (glan leat amach as seo); réiteach (urlár a ghlanadh); putóga a bhaint as (iasc a ghlanadh); scrios (ghlan sé sinn); gabháil thar (ghlan sé an coirnéal, an claí)
an corpán spéire a thugann teas agus solas sa lá dúinn
an uair den bhliain is faide an lá (grianstad an tsamhraidh thart ar Mheitheamh 21) nó is faide an oíche (grianstad an gheimhridh thart ar Nollaig 21)
farasbarr, fuílleach (iarsma den bhia); taise (iarsmaí an tseansaoil); sliocht a mhaireann (beidh sé gan iarsma ina dhiaidh); (droch)thásc, toradh (buille a d'fhág iarsma air); bronntanas Lae Caille (lá na n-iarsmaí)
an lá roimh inniu; an t-am atá caite (is mó idir inné agus inniu)
an lá seo; an t-am i láthair (sa lá atá inniu ann)
ó shin, go dtí (mí is an lá inniu)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht