SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
tomhas talún, 4,840 slat chearnach nó beagán faoi dhá chúigiú de heicteár
ón áit thíos; ó íochtar tíre; ó áit íseal sa saol; tagtha ar barr talún (tá an geamhar aníos)
clár leathan talún ar ard
gob, pointe (barr méire, barr pinn); an pointe is airde, mullach (barr crainn, barr cnoic); an pháirt uachtarach (barr tí, barr leathanaigh); uachtar (ar bharr talún, ar bharr an uisce); rud a fhásann ar bharr talún (barr coirce, barr prátaí); toradh (de bharr mo shaothair); breis (barr ar mhíle); bua (barr a bhreith ar dhuine); deireadh (tá mé i mbarr mo chéille acu)
an uimhir 100 nó cúig fichid; aois (an fichiú céad); 120 (céad éisc, ubh etc.); an t-ochtú cuid d'acra (céad talún); 112 pt
péist talún agus an-chuid cos fúithi
rinn talún ag gobadh amach san fharraige
bruach, imeall, faobhar; stráice (ciumhais talún, pluide)
moll ard talún ach é níos ísle ná sliabh
imeall na talún cois farraige
leibhéal, ré (siúl ar an gcothrom, ar chothrom na talún); cóimhéid, comard (níl a chothrom den bhia aige); cóir, ceart (tabhair cothrom na Féinne dó); lámh uachtair (tá sé deacair cothrom a bhaint de)
seithe, screamh chlúdaigh ar chorp; scannán clúdaigh ar thoradh nó ar ghlasra (craiceann úill, craiceann oráiste); dromchla (craiceann uisce, craiceann talún); snas, bailchríoch (craiceann a chur ar obair; tá craiceann na fírinne air)
barr na talún mar a bhfásann féar agus plandaí, ithir; cineál áirithe ithreach atá righin agus a chruann le bácáil, agus a dhéanann brící agus earraí cré
crith uafásach in uachtar na talún
bíoma ceangail idir capaill agus céachta; rud ar dhéanamh bíoma ceangail (cuing céachta, cuing meá); banna, ceangal (cuing an phósta; faoi chuing rúin); scrogall talún idir dhá loch
leagan síolta sa talamh (coirce a chur); saothrú talún (gort a chur); leagan rudaí ina n-áit (cur tuí, cur gaistí; cuir ansin é); lorg (eolas, tuairisc, a chur); caitheamh (chuir sé míle ó bhaile é; chuir sé a shaol go hainnis); seoladh chun bealaigh (teachtaire, litir, a chur; cuir abhaile é); sileadh, doirteadh (ag cur fearthainne; allas, fuil, a chur); sceitheadh (na crainn ag cur an duilliúir)
triantán talún a chruthaítear áit a sil-leagtar láib etc. ag béal abhann
barr, uachtar, craiceann (dromchla na talún, dromchla na mara)
poll nó scoilt an-domhain; domhain farraige nó talún; áit etc. i bhfad thiar nó thíos (i nduibheagán na hoíche, an éadóchais)
péacadh, geamhrú, teacht os cionn talún; gealadh (lae)
maoin talún; maoin iomlán duine; grúpa tithe a thógfaí in éineacht faoi scéim údaráis áitiúil, etc.
iomaire ard fada talún a d'fhág an t-oighear ina dhiaidh fadó
sealbhú talún; maoin talún
réimse talún a úsáidtear chun barra a shaothrú agus chun eallach a thógáil air
an córas sa Mheánaois faoina raibh ar thionóntaí troid dá dtiarnaí talún nuair ba ghá é
planda a dhreapann suas nó a fhásann ar feadh na talún (go mór mór an cineál a bhfásann fíonchaora air); fíonghort
uachtar na talún agus féar air; scraith den uachtar sin (mar a bhaintear le spád); lán sleáin de mhóin; ball (ar an bhfód seo, an fód a sheasamh); doimhneacht (duine gan fód)
cluiche ina mbuailtear liathróid bheag le clubanna thar réimsí fada talún isteach i bpoill ar phlásóga glasa
piocadh; síneadh amach (ag gobadh as an mballa); teacht os cionn talún (an féar ag gobadh aníos)
píosa talún agus fál thart air; páirc churaíochta; barr
an talamh faoi loch nó faoin bhfarraige, tóin poill (chuaigh an long go grinneall); buncharraig, bunsraith talún (rómhar go grinneall)
tomhas talún cothrom le 10,000 méadar cearnach nó beagnach 2.5 acra
ceann de ranna móra talún an domhain (Meiriceá, an Astráil, an Eoraip, etc.)
droim talún idir dhá chlais i gcuraíocht; droim ar bith atá caol fada (iomaire gainimh, iomaire sliogáin)
seomraí foirgnimh faoi leibhéal na talún
píosa talún; áit, spota, suíomh; fothrach; urlár, spás
cloch leata thanaí, fleaige; rud i bhfoirm leice (barr talún ag triomach, callas ar chraiceann etc.); claibín pota, soithigh etc.; pláta
feabhsú, athrú chun feabhais (do bheatha a leasú); sailleadh, caomhnú le salann nó le triomú etc.; aoileach nó ábhar ar bith a théann chun leasa talún; é sin a chur ar thalamh
scata (lota caorach); ceap (talún)
achar fairsing réidh talún; páirc
briseadh talún; triomú agus leasú talún le haghaidh curaíochta
an corp idir an ceann agus na guaillí; an chuid de bhall éadaigh a théann air sin; scrogall caol talún