ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I also got a pair of shoes, (i) fuair mise freisin péire bróg; (ii) lena chois sin fuair mé péire bróg.
Attrib.Ammunition boots, bread, etc., bróga, arán, etc., ordanáis.
s. F: To kick s.o.'s behind, an bhróg a thabhairt sa leath deiridh do dhuine.
I'll beat him black and blue, fágfaidh mé dath bhonn mo bhróg air, buailfidh mé droma daraí air.
To black boots, smearadh dubh a chur ar bhróga.
Laced boots, bróga iallacha.
Buttoned boots, bróga cnaipí.
Riding boots, bróga marcaíochta.
Boot and shoe manufacture, déantús m bróg.
Booted and spurred, faoi bhróga is faoi spoir.
To kick s.o.'s bottom, an bhróg a thabhairt sa tóin do dhuine.
Button boots, bróga cnaipí.
Calf boots, bróga de chraiceann lao.
My shoe is chafing me, tá an bhróg ag luí orm.
He is favoured by fortune, tá an t-ádh ina bhróga.
Shoes that fit well, bróga atá oiriúnach.
Gents' footwear, bróga mpl fear.
These shoes won't go on (my feet), tá na bróga seo róbheag dom.
Hand-made boots, bróga gréasaí.
He is hard on shoes, tá sé caifeach, trom, ar bhróga.
High-heeled shoes, bróga faoi shála arda.
Low-heeled shoes, bróga faoi shála ísle.
To hoof s.o. out, an bhróg a thabhairt do dhuine amach an doras.
He laced (up) his boots, cheangail sé iallacha a bhróg, cheangail sé a bhróga.
Lace-up shoes, bróga iallacha.
Leaky shoes, bróga briste.
Leather shoes, bróga leathair.
Upper leather (of shoe), uachtar m (bróige).
Off with your boots, caith díot na bróga.
He had no shoes on his feet, ní raibh aon bhróg ar a chois.
He had his boots on, bhí a bhróga air.
F: He is a square peg in a round hole, is é an gabha ag déanamh bróg é.
Prov: Everyone knows best where his own shoe pinches, agat féin is fearr a fhios cá luíonn an bhróg ort.
Plimsolls, bróga canbháis bonnrubair.
Boot, shoe, polish, snasán bróg.
Puss in boots, cat m i mbróga.
To scrape one's boots, do bhróga a ghlanadh.
Door-, shoe-, scraper, scríobán bróg.
Seven-leagued boots, bróga fpl draíochta (a thabharfadh an cnoc de léim agus an gleann de choiscéim).
He is well shod, tá bróga maithe air.
He is not fit to tie your shoe-laces, ní thabharfainn do bhróga le ceangal dó.
A slipshod person, fear bróg gan fáscadh.
The dog was smelling at my shoes, bhí an madra ag bolú ar mo bhróga.
F: That's his sore spot, sin an áit a ngoilleann an bhróg air.