SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
insint arís mar a tharla (eachtra a aithris); a rá de ghlanmheabhair (dán a aithris); déanamh mar a dhéanann duine eile (dá ndéanfá aithris ar d'athair); labhairt, siúl, etc. cosúil le duine eile le greann (maith ag aithris)
an fios a thugann an teanga agus uachtar an bhéil faoi rud a bheith milis nó searbh nó maith le hithe nó le hól; tuin gutha, an tslí a labhraíonn duine (blas cainte); faic, dada
labhairt i gcaoi go síltear nach ón gcainteoir féin atá an chaint ag teacht ach ó phuipéad, etc.
áit a labhraíonn cuid de na daoine Gaeilge agus an chuid eile Béarla de ghnáth
rud nó focail a deirtear; labhairt; guth (d'aithin mé a chaint); abairt, rá (tá cainteanna deasa aige); comhrá (dul chun cainte le duine); aitheasc; óráid (cé a thug an chaint aréir?); ráiteas (is é do chaint féin é); ráfla, iomrá (níl ann ach caint; caint san aer)
labhairt (caintiú le duine); caint a chur ar dhuine (duine a chaintiú)
gá, riachtanas (níl aon chall leis; ní call duit labhairt); ceart, éileamh (níl aon chall agat dó, chuige)
amhrán a rá; labhairt (fear nár chan bréag)
bailiú, teacht nó tabhairt le chéile; slua daoine (labhairt le cruinniú); teacht chun cinn (cabáiste, prátaí, ag cruinniú)
canadh nó labhairt i nglór caol ard
éagóir a cheadú gan labhairt ina coinne
álainn; ábalta go maith (bheith deas ar rud a dhéanamh); maith (ba dheas liom labhairt leat); (go searbhasach) (tá sé go deas agat!)
cumas ar labhairt go soiléir agus go héifeachtach
tabhairt (rud a dheonú do dhuine); toiliú, aontú (mar a dheonaigh Dia); é a bheith de ghrásta ionat (dheonaigh sé labhairt liom); toil (ba é deonú Dé é)
tabhairt faoi deara, tógáil ruda isteach leis na súile (ní fhaca sé mé ach chonaic mé é); aithint, meas (fan anois go bhfeicfidh mé); labhairt le (caithfidh mé tú a fheiceáil); cuardach (tháinig sé do m'fheiceáil); dealramh (do)(chonacthas dom nach raibh)
tuiseal d'ainmfhocal a úsáidtear agus tú ag labhairt le duine
searbh, géar, garbh (gníomh garg, labhairt go garg)
cosc, bac (tá geis air); ceangal, oibleagáid (bhí sé de gheasa air gan labhairt); draíocht (cibé geasa a bhí aici air)
na rialacha a bhaineann le ceart teanga ina labhairt nó ina scríobh
cineál de chodladh ina labhraíonn nó a ngníomhaíonn an té atá curtha faoi mar a ordaíonn an hiopnóisí dó
in áit (in ionad a mhic); seachas (in ionad labhairt liom)
focail a rá (ná labhair air); cumarsáid a dhéanamh, (ní labhraíonn siad le chéile); caint (labhraítear Gaeilge anseo); canadh (mar a labhraíonn an chuach)
leisciúil; mall; náireach, cúthail (ba leasc liom labhairt leis); oth (is leasc liom a rá)
glan, soiléir le feiceáil nó le tuiscint (labhairt go léir; is léir go bhfuil); cruinn, cliste (obair luath léir)
mura mbeadh (murach sin, murach go bhfaca mé iad, murach gur labhair tú liom)
bheith oiriúnach (do), réiteach (le) (ní oireann an obair, an bia sin, dó); teastáil (d'oirfeadh dom labhairt leat); feisteas, fearas (oiriúintí oifige)
rud éigin a deirtear, abairt, focal (níor creideadh mo ráite); rud a chur i bhfocail, labhairt (abair é seo dom; ní dúirt sé dada); aithris (abair do phaidreacha); insint (déarfaidh mé le d'athair thú; abair scéal); ordú (abair leis teacht); cur síos (sin mar atá ráite sa leabhar seo)
bheith ar do chosa nó éirí ar do chosa agus gan a bheith suite ná sínte; stad, stopadh (seas tamall is labhair liom; sheas mo chroí); maireachtáil (má sheasann an aimsir; fad a sheas an t-airgead); cur in aghaidh, cur in éadan, cur suas le (an fód a sheasamh; an fuacht a sheasamh); cosaint (do cheart a sheasamh); íoc as deoch do dhuine; buanfas (tá seasamh san éadach sin); brath (mo sheasamh ort!); stádas (tá seasamh maith aige i measc a dhaoine); tacú le (seasamh le chéile; an fear a sheas liom)
a bhaineann le saoránaigh nó cathróirí, nó le maoin phríobáideach nó le hoibreacha poiblí; múinte, béasach (labhairt go sibhialta)
thar ceann (labhair mé ar do shon); ar mhaithe le (ar son na ndaoine, na síochána); i gcúiteamh ar (ar son a ndearna tú dom); mar gheall ar (is fiú é a léamh ar son na stíle atá ann)
ag teacht tríd an tsrón (labhairt go srónach); fiosrach; drochmheasúil
rud a lua nó labhairt air (tagairt do rud le duine); luaiteachas (téarmaí tagartha)
leathfhliuch, barrfhliuch (aeráid thais, ballaí taise); mín, bog, cneasta (méara taise; labhair sé go tais léi); bog, lag (tá tú ró-thais leo)
an ball sochorraithe sa bhéal chun labhartha agus chun blaiste; cumas labhartha (ar chaill tú do theanga?); caint (teanga na tíre; na teangacha Eorpacha); aon ní cosúil le teanga (teanga bróige; trumpa gan teanga)
gléas lena bhféadann duine labhairt le duine eile atá i bhfad uaidh le cúnamh sreang agus leictreachais, nó trí raidió (ar nós teileafón raidió ó long go talamh)
ramhar, dlúth (éadach tiubh; gruaig, ola, thiubh); trom (ag cur, ag lámhach, go tiubh); mear, tapa (labhairt go tiubh)
caint, iomrá, labhairt (chuala mé trácht air; ná trácht air); insint
duine a labhraíonn thar ceann daoine eile