ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
How about a game? céard a déarfá le cluiche?
What were you about to say? céard a bhí tú ag brath a rá?
How much are you asking for it? céard tá tú a iarraidh air?
What is it? (i) céard é féin? (ii) céard tá uait?
What is to be done? céard tá le déanamh?
What is behind all this? céard atá ar a chúl seo? céard is bunúdar leis seo?
What brought you here? céard a chas, a sheol, anseo thú?
What can it be? céard é féin ar chor ar bith?
John? what can he want? Seán? céard a bheadh uaidh ar chor ar bith?
How could you? céard a tháinig ort is a leithéid a rá, a dhéanamh?
He showed his capacity, chruthaigh sé céard a bhí sé in ann a dhéanamh.
I don't care what he says, is cuma liom céard a déarfas sé.
I did not catch what you said, níor chuala mé i gceart céard a dúirt tú.
F: What are things coming to? céard atá i ndán dúinn chor ar bith?
Come what may, cibé ar bith céard a tharlós.
How did the window come to be broken? céard a d'éirigh don fhuinneog le gur briseadh í?
How could it come to be his? céard a thabharfadh gur leisean é?
How come you to be there? céard a thug ann thú?
And where do I come in? agus céard fúmsa? car fhágais mise?
What has come over you? céard atá ort? céard a tháinig ort?
What is your complaint? céard atá ort? céard atá ag dul duit?
(Euphemism for devil, deuce, q.v.) What, who, the dickens...? céard, cé, sa tubaiste, sa chlampar...?
They disposed of his fate, shocraigh siad céard a bhí le déanamh leis.
What do you do? what are you doing? cén ceann poist atá agat? cad tá á dhéanamh agat? céard atá tú a dhéanamh?
What can I do for you? céard a dhéanfas mé dhuit?
I don't know exactly what happened, níl a fhios agam baileach céard a tharla.
What for? céard le haghaidh? cad chuige?
What has happened to him? céard a bhain, a tharla, a d'éirigh dó? céard a d'imigh air?
What will you have? (i) (of drink) céard a ólfas tú? (ii) (of food) céard a íosfas tú?
What more would you have? céard eile céard a bheadh uait?
What did he say? céard dúirt sé?
What the hell do you want, céard sa diabhal atá tú a iarraidh?
He didn't quite know what to say, ní mó ná go raibh a fhios aige céard a déarfadh sé.
People may say what they like . . ., is cuma céard a déarfas daoine . . .
What is the matter? cad é atá ar bun? céard atá cearr?
What does this word mean? céard a chiallaíonn an focal seo? cad é an chiall, an bhrí, atá leis an bhfocal seo?
What do you mean by that? cad é atá faoi sin agat? céard is ciall leis sin agat?
To know one's own mind, a fhios a bheith agat céard ba mhaith leat.
How much is it? cé mhéad, céard, atá air?
As we were starting what must he do but cut his finger, nuair a bhíomar ag imeacht céard deir tú leis a ghearr a mhéar! céard a dhéanfadh sé ach a mhéar a ghearradh!
Well, what of it? agus céard faoi?
What do you do of a Sunday? céard a bhíonn tú a dhéanamh Dé Domhnaigh?
What's on at the theatre? céard atá ar bun san amharclann?
What is your opinion of him? céard é do mheas air? cad é do bharúil de?
What ever possessed you to do that? céard a bhuail tú agus é sin a dhéanamh?
P: What price my new bike? céard é do mheas ar mo rothar nua?
It's a problem to know what is right, is deacair a rá céard is cóir.
What is the programme for to-day? céard atá leagtha amach don lá inniu?
What do you propose to do now? céard atá fút a dhéanamh anois?
It puzzles me what his plans are, ní féidir liom a dhéanamh amach céard atá faoi.