ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
When I opened the door a man jumped in, nuair a d'oscail mé an doras léim an fear isteach.
I didn't understand a word, níor thuig mé aon fhocal.
He is above me in rank, is airde é i gcéimíocht ná mé.
I am above doing that, ní ísleoinn mé féin chuige sin.
I was nervous on his account, bhí mé imníoch faoi.
That is not what I am accustomed to, (i) ní hé sin a chleacht mé riamh; (ii) níl an nós sin agam.
I was within an ace of falling, ní raibh ann ach nár thit mé.
I adhere to what I said, tá mé ag coinneáil, ag seasamh, leis an rud a dúirt mé.
I was wrong, I admit, admhaím go raibh mé contráilte.
I saw it from afar, chonaic mé i bhfad uaim é.
I was affected by the sight of it, tháinig tocht orm nuair a chonaic mé é.
These books are my affliction, tá mé in éadóchas ag na leabhair seo.
I can't afford it, níl mé ina acmhainn, tá sé ródhaor agam.
I never spoke to him after, níor labhair mé riamh leis ó shin.
I heard of it after, ina dhiaidh sin a chuala mé é.
Time after time, I said it to him, dúirt mé leis é arís agus arís eile.
I shall see him this afternoon, feicfidh mé tráthnóna é.
I saw him on Tuesday afternoon, chonaic mé tráthnóna Dé Máirt é.
I did it against my will, in éadan mo thola a rinne mé é.
No longer ago than last week I saw him, níl sé ach an tseachtain seo a chuaigh thart féin ó chonaic mé é.
I set him all agog, chuir mé fuadar faoi; F: chuir mé an tine ar an bpíopa aige.
I am quite agreeable, tá mé lánsásta.
I am in agreement with him, tá mé ar aon intinn, ar aon tuairim, leis.
When I got ahead of the other car, nuair scoith mé an carr eile.
I am fully alive to the honour they have done me, tá tuiscint mhaith agam ar an onóir a fuair mé uathu.
The best one of all those which I bought, an ceann is fearr dar cheannaigh mé.
(With antecedent) I spoke to all the people who were there, labhair mé lena raibh (de dhaoine) ann.
He all but kissed me, ní raibh ann ach nár phóg sé mé.
I was not alluding to you, ní tusa a bhí mé a rá.
I did it alone, rinne mé féin é.
I always heard that. . ., chuala mé riamh go ...
I have received another ten pounds, fuair mé deich bpunt eile.
I did not count on his antagonism, níor shamhail mé gur i m'aghaidh a bheadh sé.
I anticipated his wishes, rinne mé an rud ba mhian leis sular iarr sé orm é.
I am very anxious that he should come, tá mé ag súil go crua lena theacht.
They cost me a shilling apiece, scilling an ceann a thug mé orthu.
I made an appeal to his generosity, chuaigh mé i muinín na féile a bhí ann.
He appealed to me for help, d'agair sé mé ag iarraidh mo chabhrach.
F: I upset his apple-cart, chuir mé a phlean síos is suas.
I am as tall as you, tá mé chomh hard leatsa.
I shall help you as far as I can, tabharfaidh mé oiread cuidithe duit agus is féidir liom.
I worked as hard as I could, d'oibrigh mé chomh dian agus thiocfadh liom.
As I live I saw him strike the blow, chomh cinnte agus atá mé beo chonaic mé ag bualadh an bhuille é.
Do you consider me as a fool? an amadán agat mé?
He went out (just) as I came in, chuaigh sé amach (go díreach) agus mé ag teacht isteach.
One day as I was sitting ..., lá amháin agus mé in mo shuí . . .
I took him aside, thug mé ar fhód ar leith é.
I'm planning on the assumption that. . ., tá mé ag pleanáil ar an mbun go...
My astonishment at seeing him, an t-iontas a bhí orm nuair a chonaic mé é.
I will do it or perish in the attempt, déanfaidh mé é nó caillfidh mé m'anam leis.