SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
na gáis atá san atmaisféar thart orainn agus a thugann anáil dúinn; anáil bheag ghaoithe; spéir; aeráid
an focal aithne a thugtar ar dhuine nó ar rud nó ar áit; cáil, clú; ainmfhocal
athbhunú (aiseag sláinte); tabhairt ar ais (aiseag iasachta); cur amach, urlacan
ionsaí (amas ar namhaid); oscailt nó caoi ionsaithe (dá bhfaighinn amas air); aimsiú ar mharc (tóg amas air); iarracht (thug siad amas ar na hairm); tuairim, barúil
breathnú (ag amharc uait); radharc (amharc na súl); féachaint (thug sé amharc géar orm)
an méid blianta atá tugtha ar an saol ag duine nó rud (cén aois é?); fad saoil; seanaois (ag dul in aois); tréimhse, ré (ó aois go haois); céad bliain (an fichiú haois)
tabhairt ar ais as an nua; athchóiriú; a dhéanamh óg arís
na héadaí agus na rudaí eile a thugann duine leis ar aistear
rath (bail ó Dhia ar an obair); cóir cheart (chuir sí bail ar a gruaig); an chaoi a bhfuil rud nó duine (cén bhail atá ort?); cóir, úsáid (an bhail a thug sé ar a leabhar)
searmanas ina ndéantar Críostaí de dhuine (le huisce) agus a dtugtar ainm air; ainm a thabhairt ar dhuine nó ar rud, baisteadh
sú cumhra olúil as crainn áirithe a thugann faoiseamh ar phian
ceartú, tabhairt chun cruinnis; ceartú thar mar is gá (ná bí i gcónaí ag beachtú orm)
tabhairt nó teacht ar an saol (rugadh leanbh di; lá breithe) tabhairt mar thoradh (ubh a bhreith); iompar chun siúil (beir leat é sin); greim a fháil ar, teacht suas le (beir greim air, ní bhéarfaidh sé anois orainn); buachan (rug sé an chraobh leis); dul (beir leat abhaile); druidim le (ag breith suas ar a trí)
lí bhuí, galar a thugann dath buí ar an gcraiceann agus ar ghealacán na súl
an focal i bhfoclóir a bhfuil míniú tugtha air
mearbhall, speabhraíd a thugann ar dhuine rud a fheiceáil nach bhfuil ann
feidhmeannach oifige a thugann aire do cháipéisí, do chuntais etc.; feidhmeannach cúirte nó rialtais áitiúil (cléireach baile); feidhmeannach eaglaise a fhriothálann ar an sagart agus ar chúraimí an tsagairt
cloch ar thaobh bóthair a thugann an t-achar ina mhílte go dtí áit
an t-ábhar a thugann an dath glas ar phlanda
ainm ar phlandaí éagsúla a thugann ábhar snáithíneach as a ndéantar rópaí etc.
acht a mbraitheann gníomh áirithe air (tugadh dó é ar choinníoll nach ndíolfadh sé arís é); gealltanas (dá dtugadh sé a choinníoll dom); dílseacht d'fhocal, dúthracht (fear gan choinníoll)
moladh nó cúnamh i bhfocail a thugtar do dhuine nuair nach bhfuil a fhios aige cad is ceart dó a dhéanamh (glac mo chomhairle); treoir, tionchar (fanacht ar chomhairle d'athar); gasra a thagann le chéile chun ceisteanna a phlé agus socruithe a dhéanamh (comhairle baile, comhairle cathrach)
leibhéal, ré (siúl ar an gcothrom, ar chothrom na talún); cóimhéid, comard (níl a chothrom den bhia aige); cóir, ceart (tabhair cothrom na Féinne dó); lámh uachtair (tá sé deacair cothrom a bhaint de)
iasc farraige (Tugtar glasán air freisin)
tabhairt chun cuimhne (cuimhním ar an lá go maith); smaoineamh (níor chuimhníomar go dtiocfá); beartú, seiftiú (ag cuimhneamh ar dhul abhaile); plean, seift (is maith an cuimhneamh é)
an taobh thiar de rud (cúl do chinn, cúl an tí); droim (cúl a thabhairt do rud; thug sé cúl lena mhuintir); deireadh (cúl an ghluaisteáin; an féar cúil); siar, taobh thiar (dul ar gcúl; clog a chur ar gcúl; marcaíocht ar cúla); taca, taisce (cúl airgid; cúl taca; an dream atá ar a chúl); iargúltacht (coillte cúil); folt gruaige; (le cluichí) (i) cosantóir (ii) báire
fágáil ina luí nó ina shuí nó ina sheasamh ar (cuir ar an mbord é; chuir sé ar mo chosa mé); seoladh ar aghaidh chun (duine a chur ar turas); ionad a thabhairt ar (cuireadh ar an bhfoireann é); tabhairt ar staid áirithe (ná cuir ar meisce iad; cuir na héadaí ar triomú); bualadh ar (cuir clár air; chuir mé stampa ar an litir; cuir ort do chuid éadaigh); tabhairt i bhfeidhm (ord a chur ar rudaí); bheith ina chúis le (chuir sé an slaghdán orm; ná cuir fearg orthu); leagan ar (cuireadh cáin orainn); cuir i leith (ná cuir an locht ormsa); cur chuig (cuir ceist air); brú ar (chuir siad troid orainn); ligean amach ar (chuir sé béic orm); tathant ar (chuir sí an bia air le spúnóg); a leagan ina gheall ar (airgead a chur ar chapall); aistriú go (cuir Béarla air); goilleadh ar (tá a chroí ag cur air)
ropadh, sá (cuireadh i bpríosún é; scian a chuir i nduine); tabhairt ar staid áirithe (duine a chur i gcruachás; chuir sé ina thost é); léiriú (rud a chur in iúl, a chur i nGaeilge); líonadh le (chuir sé neart ionainn); dul i (cur sa siúl; cur in aghaidh nó i gcoinne ruda)
a bhaineann le dlí, bunaithe ar dhlí, dleathach (argóint dhlíthiúil); tugtha do dhul chun dlí
chuig, go, go dtí (ag dul don Spáinn); chun cóngaracht nó gaol a léiriú (gar don áit, is mac dom é); ar láimh, i leith (tabhair, taispeáin, dó é; bheith dílis, go maith, do dhuine); le briathra géillte (d'umhlaigh sé, bheannaigh sé, dó; ná géill dó); gan bhriathar (bia don ocrach, Nollaig faoi mhaise daoibh); le haidiachtaí (is breá duit é; b'fhíor dó é; is cuma duit); gan an chopail (duitse é seo); le linn (ag teacht abhaile dom; sa chomhrá dúinn) do + a4 , a5 = dá2 ,3 ; do + an = don; do + ar = dar3 ; do + ár2 = dár1 ; do + ar3 = dár2
an ealaín nó an chumhacht a deirtear a thugann torthaí iontacha le cabhair ó fhórsaí an nádúir nó ó neacha neamhshaolta; aon tionchar gan mhíniú as a dtagann torthaí iontacha; aoibhneas, taitneamh (ceol a chuirfeadh draíocht ort); geasa (cibé draíocht a d'imir sí air)
fás glas a ghreamaíonn de bhalla (Tugtar eidheann air freisin)
faire, tabhairt faoi deara; brath (ag fairís ar dhul ann)
éan mór farraige a bhfuil sciatháin fhada air agus dath glas agus bán de ghnáth (Tugtar faoileog agus faoileann air freisin)
breith ar (rud a ghabháil i do lámh); ceapadh (peil a ghabháil); lán baclainne (gabháil féir, mhóna); tógáil (áit duine a ghabháil); tabhairt faoi, oibriú ar (ag gabháil d'obair); greamú, tógáil (coirpeach a ghabháil); buachan (an lá a ghabháil); a thógáil chugat féin (páirt a ghabháil i rud); glacadh le (gabh mo leithscéal); glacadh, a theacht ar (ghabh tart é); dul, siúl (ag gabháil thar bráid; ag gabháil abhaile); teacht (gabh i leith); gléasadh (capall a ghabháil); rá, aithris (ag gabháil fhoinn, véarsaí); giosta
duine nó rud a thugann cosaint; aire, faire (dul ar garda, garda a sheasamh); gotha cosanta (dul ar do gharda); duine nó buíon ar diúité cosanta (garda saighdiúirí, garda síochána); fearas cosanta (garda tine)
rud a thugtar mar dheimhniú go ndéanfar rud éigin (dul i ngeall ar rud); airgead a chuirtear ar iomaitheoir i gcomórtas (geall a chur ar chapall i rás); comhartha dúshláin (geall comhraic); bua, duais (an geall a bhreith ó dhuine); dealramh, cuma (tá geall fáis sna barra)
duine a thugann iasacht airgid ar earraí a fhaigheann sé ar láimh, geallearbóir
coiste a thugann breithiúnas ar chás i gcúirt dlí
pluga uisce (sa tsráid, de ghnáth) ar féidir píopa a ghreamú de chun uisce a bhaint as na príomhphíopaí (Tugtar béal tuile air freisin)
corraí (ní raibh hob ná hé as); iarracht (thug sé hob ar éirí)
lorg, éileamh (d'iarr sé punt orm, níl iarraidh ar an leabhar seo); iarracht a dhéanamh (ag iarraidh éirí); fogha, amas (thug sé iarraidh bhuailte orm); uair, babhta, iarracht (an iarraidh seo)
an té a thugann rud ar iasacht
áit a dtugtar íoca leighis amach (ar nós ospidéal nó siopa mór poitigéara)
breith nó tabhairt ó áit go háit eile (ualach a iompar; píopa ag iompar uisce); caitheamh, tabhairt leat (brat a iompar; ag iompar seoil, ag iompar clainne); coinneáil suas (ballaí ag iompar dín); fulaingt (crá croí a iompar); coinneáil (tá iompar ar dheoch aige); múineadh, béasa (tú féin a iompar i gcomhluadar)
tabhairt faoi dhuine nó faoi áit go tobann; bruíon a thosú; iarracht (thug sé ionsaí ar imeacht)
duine a dtugtar airgead, earraí etc., ar iontaoibh dó thar ceann duine eile
éan uisce agus gob fada leathan air (Tugtar lacha ar an gceann baineann freisin agus bardal ar an gceann fireann)
áit a gcoinnítear leabhair le léamh nó le tabhairt ar iasacht
planda bídeach fungasach a fhásann ar charraigeacha, ar chrainn etc. agus a thugann dath uaine, liath nó buí orthu