ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
F: It is mere acting, níl ann ach cur i gcéill.
It is all in the air as yet, níl ann ach caint go fóill.
London alone has a population equal to . . ., ach amháin Londain níl an dara baile a bhfuil oiread daoine ann is atá i . . .
Pej: He is only an amateur, níl ann ach gliocsálaí.
He is only a fool, níl ann ach amadán.
There is nothing besides, níl ann ach sin.
He is the best worker, níl aon fhear oibre ann ach é.
He is (nothing but) a bag of bones, níl ann ach na cnámha agus an craiceann.
F: It's a case, níl ann ach iad.
It is only a child's play in comparison to . . ., níl ann ach caitheamh dairteacha le hais ...
The expenses come down to board and lodging, níl de chostas ann ach costas cothaithe agus lóistín.
He has a bare competency, níl ann ach go bhfuil sé ag coinneáil snátha faoin bhfiacail.
It's only a drop in the bucket, in the ocean, níl ann ach sú talún i mbéal buláin.
P: He's hanging on by his eyebrows, níl ann ach go dtig leis a ghreim a choimeád.
As is only fair, agus níl ann ach an ceart.
He is only a fairweather friend, níl ann ach ‘mo ghrá thú rud agat’.
It's only fancy, níl ann ach samhlaíocht.
There are very few of us, níl ach scata beag againn ann.
He is fit for nothing, níl aon saghas críche air, níl ann ach cúl le rath.
That's all flummery, níl ann sin ach raiméis ó thús deireadh.
It is a mere matter of form, níl ann ach gnás folamh.
It is only a form of speech, níl ann ach casadh, modh, cainte.
He's a fraud, níl ann ach rógaire.
He is but a mere ghost of his former self, níl ann ach scáil i mbuidéal; níl a leath féin ann.
It's pure guess-work, níl ann ach tuairimíocht.
She can hardly read, níl ann ach, ní mó ná, go dtig léi léamh.
It is only a hash-up of other men's work, níl ann ach athabláil ar obair daoine eile.
It is only just, níl ann ach an ceart.
It is a pack of lies! níl ann ach an t-éitheach ó thosach deireadh!
There is nobody like her! níl ann ach í!
It's sheer lunacy, níl ann ach deargbhuile, gealtacht ghlan.
It's mere chance, níl ann ach seans.
He is a mere boy, níl ann ach gasúr.
The invitation is merely formal, níl ann ach cuireadh foirmiúil.
He only does the more harm, níl ann ach gur mó an dochar atá sé a dhéanamh.
F: It is as much as he can do to read, níl sé in ann léamh ach ar éigean.
He is a king in name only, níl ann ach go bhfuil ainm rí air.
There is nothing for it but to submit, níl an dara rogha ann, níl dul as, ach géilleadh.
It is nothing less than madness, níl ann, ní haon rud eile é, ach corp díth céille.
F: He is a perfect nuisance, níl ann ach bundún; is mór an clipeadh, an crá, é.
It is a matter of opinion, níl ann ach do bharúil; cúrsaí tuairime é.
It is only a quarter as long, níl ach an ceathrú cuid den fhad ann.
(Of thg.) It is all the rage now, níl ann anois ach é; tá an tóir shíoraí anois air.
He is of a saturnine disposition, níl ann ach cúl búistín.
He is worn to a shadow, níl ann ach an scáil.
F: It's simple robbery, níl ann ach gadaíocht.
He is reduced to a skeleton, níl ann ach na cnámha.
He is nothing but skin and bone, níl ann ach na cnámha agus an craiceann.
He is as slippery as an eel, níl ann ach greim ar eireaball eascainne.
He is only so-so, níl sé ach ann as.